Léiríonn an saothar sa chuid seo den taispeántas an saineolas a bhí ag ealaíontóirí na tréimhse sin ar choincheapa mar pheirspictíocht
líneach/atmaisféarach agus an tionchar a bhí ag an Iodáil ar fhorbairt stíl na hÍsiltíre - bhí sé coitianta ag an am sin go rachadh ealaíontóirí na hÍsiltíre chun seal ama a chaitheamh san Iodáil le staidéar a dhéanamh ar mhodhanna péintéireachta an taoibh sin.