Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá
limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.