Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beidh a shliocht ar an ngnó the business shall be likewise
" Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca.
ag déanamh amhlaidh doing likewise
" Cé gur duine é seo a bhfuil an-eolas aige ar thimpeallacht na mara, facthas dom go raibh teaghlaigh agus daoine eile go leor amuigh ag déanamh amhlaidh, agus leis an líon sin oisrí a bhí os ár gcomhair, níor ghá le haon oiliúint faoi leith ach a bheith airdeallach ar an taoide.
ag déanamh amhlaidh doing likewise
" Cineál príomhchathair na Gaeltachta a bhí ann agus bhí roinnt teaghlach eile ag déanamh amhlaidh.
amhlaidh did likewise
" Is lúthchleasaí díograiseach é Tangi, a bhfuil go leor ciliméadar rite aige don Redadeg i mBrest, i bPorspoder, i Landerne agus i nDouarnenez! Ag deireadh an reatha i nDouarnenez, thug Michel Le Boulanger, stiúrthóir cultúrtha na Comhairle Ceantair, aitheasc agus rinne an scríbhneoir Mich Beyer amhlaidh.
amhlaidh likewise
" Caithfidh mé a admháil go raibh imní orm nuair a rinne Leo Varadkar amhlaidh - bhí mé ag smaoineamh ar cheannlíne na nuachtán an lá dár cionn! (Níor tugadh aire don Aire!) Ach ní dheacaigh sé thar fóir agus tharraing mé grianghraf de.
biseach dá réir ar an infheistíocht a profit likewise on the investment
" Má bhíonn fios do ghnóthaí agat, beidh rath ar an bhfiontar agus biseach dá réir ar an infheistíocht.
amhlaidh likewise, so
" Bhí siad ann a thuar go gcríochnódh an Afraic Theas amhlaidh, ach buíochas le Dia d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint.