An aisling atá ag gach gasúr a chuaigh in éineacht lena athair nó lena mháthair chuig cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh ná a bheith ann lá éigin é nó í féin ag imirt ar son an chontae i gcluiche ceannais na hÉireann agus, níos fearr fós, an corn a bhreith leis abhaile agus na mílte duine ag liú agus ag screadach le háthas agus le mórtas.