Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
Tá daoine óga mar Stiofán anseo, bail ó Dhia air, agus tá daoine eile mar é agus tá neart de na daoine óga seobh ann agus tá muidí ansin i gcónaí le agallaimh a dhéanamh leofa agus cabhair ar bith a thabhairt dófa.
Agus ansin tá na tonntracha móra ag teastáil ón dream a bhfuil an scil mhór seobh acu, tig leofa dul taobh thiar idir na hoileáin anseobh agus tá sé sin acu.