Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais – áitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.
Thóg an suíomh *“38 Degrees”* air féin mar ainm toisc gurb é sin an fhána leitreach a theastaíonn le maidhm shneachta a ghiniúint, ach ar ndóigh is maidhm dhaoine atá á chruthú anseo, iad ag bogadh mar ghluaiseacht ollmhór ar son cúiseanna éagsúla.