Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa!
Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith
ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.