Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhlisteanach legitimate
" Tar éis an tsaoil, a dúirt sé leis féin, ba cheist thábhachtach dhlisteanach a bhí inti a chaithfeadh Dia a réiteach sa saol eile mura mbeadh réitithe dó ag daoine ag fágáil an tsaoil seo.
dlisteanacha legitimate
" Má dhéantar Bus Éireann a phríobháidiú, an leanfar ar aghaidh ag soláthar seirbhísí bus do cheantair chúlráideacha nuair nach bhfuil aon bhrabús le déanamh astu? Ceisteanna dlisteanacha iad sin ar fad, ach ní heol dúinn cén seasamh a ghlacann rialtas na hÉireann orthu ag cruinnithe rúnda Choiste Alt 133.
forneart “dlisteanach” 'legitimate' force
" De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.
bhealach cuí legitimate means
" Ach, mar sin féin, léiríonn an dóigh a bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag fáil grá trí mheán na teicneolaíochta go bhfuiltear ag glacadh leis na seirbhísí déanta coinní ar líne mar bhealach cuí le teacht ar chéile.
aonad dlisteanach legitimate unit
" Tuigeann siad gur gá aitheantas oifigiúil mar aonad dlisteanach taobh istigh de CLG a fháil don GPA ar dtús agus ansin is féidir an doras a bhrú ar oscailt de réir a chéile go dtí go nglacfar le prionsabal na híocaíochta i bhfoirm éigin.
i measc na gceann dlisteanach. amongst the legitimate ones.
" Bhí Drewe chomh maith sin ag cur dallamullóg ar dhaoine gur éirigh leis fáil isteach chuig cartlann na hiarsmalainne Victoria agus Albert, agus cartlann na hiarsmalainne Tate, le tuairiscí bréagacha ar a gcuid pictiúr a chur isteach i measc na gceann dlisteanach.
dlisteanach legitimate
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
comharba dlisteanach legitimate successor
" Lena chinntiú nach bhfágfar an Ghaeilge ar lár, mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo, mholfainn do Chonradh na Gaeilge, tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar The Necessity for De-Anglicising Ireland, in éindí le heagraíochtaí eile, ar chás leo todhchaí na tíre: Conradh na Gaeilge mar is é an comharba dlisteanach ar an ngluaiseacht náisiúnta a bunaíodh mar thoradh ar léacht de hÍde 120 bliain ó shin.