Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ciotóg a bhí i Mícheál Mícheál was left-handed
" Ciotóg a bhí i Mícheál agus greim ciotóige aige, ach theastaigh ón mBráthair Dwane deasóg a dhéanamh de! An Leader Cup (*Limerick Leader*) an comórtas a bhí ann ag an am sin ag na scoileanna agus shroich foireann Mhíchíl an cluiche leathcheannais.
chiotóg left-handed person
" Bhí fadhb bheag amháin ann, áfach: ba chiotóg é Tadhg agus deasóga ab ea an bheirt eile! "D'fhoghlaim mé an giotár mar dheasóg agus is mar sin a sheinnim anois é, cé go n-airím go mbeadh rithim níos fearr agam dá mbeadh sé foghlamtha an bealach eile agam.
más ciotóg é, if he is left-handed,
" Sup de pheann luaidhe eile mar chúltaca ar a chluas, san áit ina dtosaíonn, nó, más ciotóg é, san áit ina gcríochnaíonn an cíorthrasna.
ciotógach left-handed
" Bhí triúr ar an bpáirc an lá sin a ainmníodh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise: Christy Ring (38), an tosaí cumasach as Chorcaigh, a bhí ag tíocht ag deireadh a ré; John Doyle (30), an fear láidir scafánta ó Thiobrad Árann a bhí i mbarr a mhaitheasa; Jimmy Doyle (20), an gréasaí ciotógach as Dúrlas Éile, a chabhraigh le Tiobraid Árann cluichí go leor a bhuachaint lena chruinneas chun scóranna a aimsiú.