Lá mo Chéad Chomaoineach d’iarr an húr sin leathchoróin orm – ar iasacht, mar dhea – agus an bhfuil a fhios agat seo, a Bhaloir, ní bhfuair mé tásc ná tuairisc ar an leathchoróin sin riamh arís.
Na laethanta seo, nuair atá ceathrú milliúin punt ar thithe de chuid an lucht oibre (más ann do na haicmí sa 21ú haois), tá aird achan duine againn ar an leathchoróin.