Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foghlaim fhadsaoil lifelong learning
" Traenáil agus oideachas ======= Thaispeáin Becker freisin gur fiú do chomhlachtaí infheistíocht a dhéanamh i dtraenáil agus in oideachas a bhfostaithe, agus is fíor go bhfuil foghlaim fhadsaoil ag fás mar choincheap inghlactha anois.
hoideachas fadsaoil lifelong learning
" Cad a dhéanfaimid anois leis na spásanna breise? Bhuel, aithnítear anois an tábhacht a bhaineann le hoideachas fadsaoil, agus an dúshlán anois do na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta ná freastal ar mhic léinn eile seachas lucht na hArdteiste.
cianoideachas distance learning
" Thug tuairisc Skillbeck ar threochtaí idirnáisiúnta san ardoideachas an dúshlán do na hollscoileanna freastal ar an dream seo trí chúrsaí páirtaimseartha, cianoideachas agus mar sin de.
ag foghlaim a gceirde learning their trade
" Nuair a bhíonn amhránaithe sean-nóis agus seanchaithe óga an lae inniu ag foghlaim a gceirde is minic iad ag brath ar an fhocal scríofa nó ar thaifeadadh a rinneadh i bhfad siar.
ag foghlaim na fidle learning the fiddle
" Bhí muid ag foghlaim na fidle i dteannta a chéile fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair, tá fada an lá ó shin nuair a bhí Dia ina ghasúr.
ag foghlaim trí choiste learning by committee
" Bhí muid ag foghlaim trí choiste agus ní raibh dul chun cinn ar bith á dhéanamh againn.
léann learning
" Tá grá aige don léann agus do na leabhair.
áis foghlama learning resource
" Tá an sobalchlár seo, atá á úsáid mar áis foghlama i méanscoileanna ar fud na hÉireann, ag léiriú don dream óg go bhfuil an Ghaeilge beo beathach agus gur féidir gach ábhar comhaimseartha a phlé trí mheán na teanga.
á fhoghlaim learning it
" AÓF: Céard a thaitníonn leat in amhrán nó céard a fhaigheann greim ort? An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim? MNM: Má tá dúil agam in amhrán, ní aithním go bhfuil mé á fhoghlaim ar chor ar bith.
cíocras léinn eagerness of learning
" Is mó go mór an cíocras léinn is litríochta is díospóireachta atá orm ná an t-áiméar atá agam ar a shásamh; ná an cumas atá ionam a shásamh, leoga.
cíocras léinn eagerness of learning
" Is mó go mór an cíocras léinn is litríochta is díospóireachta atá orm ná an t-áiméar atá agam ar a shásamh; ná an cumas atá ionam a shásamh, leoga.
léann learning
" Deirtear nach ualach do dhuine an léann ach an mbaineann sé sin le teangacha chomh maith céanna? Go dtí seo ní raibh freagra simplí le fáil ar an gceist sin ach tá anois de bharr taighde a rinne foireann ag an Brain Research Institute i Melbourne.
réimse léinn area of learning
" Tá sé ag tarraingt as tobar domhain a chuid eolais féin ar an litríocht, ar an fhealsúnacht agus ar an chritic, agus sin go héasca soléite ionas go mbeadh a chuid argóintí soleanta ag mo leithéid a bhfuil breaceolas aige ar an réimse léinn atá i gceist.
ag foghlaim na cruite Gaelaí learning the Irish harp
" Ag foghlaim an cheoil ======= Le linn mo chuid staidéir ar an nGaeilge, bhí rudaí eile ar siúl i mo shaol, ní nach ionadh - bhí mé ag foghlaim na cruite Gaelaí, mar shampla.
bí á foghlaim uathusan be learning it from them
" Faigh daoine eile a bhfuil an teanga acu, más féidir, agus bí á foghlaim uathusan - agus, le cúnamh Dé, ní thógfaidh sé deich mbliana ort dhá fhocal a chur le chéile! Tá níos mó eolais le fáil faoi Thadhg Ó Muiris agus a chuid ceoil ag: www.
a fhoghlaim na fidle learning the fiddle
" Thosaigh Ciarán féin a fhoghlaim na fidle nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois, faoi stiúir a athar mhóir, Francie, agus cé go raibh dúil aige sa cheol, bhí a intinn dírithe ar nithe eile ag an am.
áis fhoghlamtha learning facility
" AÓF: An bhfeiceann tú go bhfeadfaí feidhm oideachasúil a bhaint astu, mar sin? JMcB: Tá sé i gceist cóip a chur i ngach scoil in Inis Eoghain agus is é mo ghuí go n-úsáidfear iad mar áis fhoghlamtha.
pacáistí cianoideachais distance learning packages
" Is léachtóir matamaitice sna Stáit Aontaithe í a deirfiúr, tá a chomhlacht féin ag a deartháir (ag ullmhú pacáistí cianoideachais) agus oibríonn an "leanbh" (atá dhá bhliain is daichead d'aois!) le comhlacht airgeadais i dTuaisceart Éireann ag cur maoiniú ar fáil do chomhlachtaí beaga nuair nach bhfuil suim ag na bainc iontu.
á bhfoghlaim sin learning them
" Níl mé ag foghlaim mórán amhrán faoi láthair ach tá mé ag éisteacht le hamhráin Ghaeilge na hAlban agus á bhfoghlaim sin.
chumas foghlamtha learning ability
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
go leor foghlamtha plenty of learning
" Tá a fhios agat an chéad bhliain d’aon chúrsa, bíonn go leor foghlamtha i gceist ó thaobh lucht múinte an chúrsa de.
á foghlaim learning it (Irish)
" Tá an cur chuige agus an t-ábhar go huile is go hiomlán mífhóirsteanach dóibh siúd atá á foghlaim.
léinn learning
" Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil.
léinn learning
" Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil.
léann Moslamach Islamic learning
" Ar an 5 Aibreán 1992, céad lá an léigir, séideadh as a sheasamh breis is míle bliain den léann Moslamach.
á fhoghlaim learning it
" Sin í an uirlis cheoil is fearr liom ach tá sé an-deacair a bheith ag éisteacht leat féin agus tú ag foghlaim agus déarfainn gurb é sin an fáth is mó nár choinnigh mé leis agus mé á fhoghlaim ag an scoil.
léinn learning
" Áit an-mhór léinn a bhí inti, agus chuaigh na mílte manach ansin le hoideachas a fháil.
30 ionad foghlamtha agus buanaithe teanga 30 language learning and preservation centres
" ” Ag tógáil ar an dá rud sin, cuireadh plean nua le chéile agus bunaíodh 30 ionad foghlamtha agus buanaithe teanga ar fud na gceantar Gaeltachta.
áit léinn place of learning
" De réir Annála na hÉireann, bhí an-chlú ar mhainistir Whithorn mar áit léinn.
ag foghlaim a cheirde learning his trade
" An rud is mó a spreagann é ná fairsinge agus éagsúlacht an chine dhaonna agus luann sé Edward Hopper, Caravaggio agus Francis Bacon mar chuid de na mórealaíontóirí a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag foghlaim a cheirde.
faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga about language acquisition and learning
" Agus é i mbun na hoibre sin, áfach, thuig sé go raibh go leor le foghlaim aige faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga agus chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach.
lárionad acmhainní foghlama a centre for learning resources
" “Bhí mise freagrach as teicneolaíocht an oideachais – bhí lárionad acmhainní foghlama curtha ar bun san áit agus iarradh orm amharc ina dhiaidh sin.
deiseanna foghlama learning opportunities
" An aidhm atá leis ná “go bhfaighidh daltaí buntáistí agus deiseanna foghlama as acmhainní idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach”.
gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha. that learning Irish was the same as a bullet in the armed struggle.
" Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
an modh seo foghlamtha this method of learning
" AÓF: An bhfuil sibh den tuairim go n-oibreodh an modh seo foghlamtha i gcás na n-ealaíon eile? Go mbunófaí comhpháirtíochtaí idir speisialtóirí, údaráis áitiúla agus na daltaí a dteastaíonn uathu an cheird an fhoghlaim? RM: B'fhéidir é.
sa léann in learning
" Bhí suim aige sa léann agus acmhainn aige dó.
a chuaigh i mbun léinn. who sent for learning.
" Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
áis iontach foghlama a great learning resource
" I gcás na Gaeilge de, is áis iontach foghlama iad na podchraolta seo siocair go dtig leat foghraíocht na bhfocal a chluinstin fad is atá tú á léamh.
ag foghlaim, learning,
" Triail nár éirigh léiDe réir a chéile, agus mé ag fás agus ag foghlaim, bheartaigh mé go ndéanfainn níos mó ná an liathróid a chiceáil as an bpáirc.
a bhí ina cheannasaí ar chúrsaí idirghníomhaíochta agus foghlama who was the head of interactivity and learning
" Fuair Kieran Hegarty, a bhí ina cheannasaí ar chúrsaí idirghníomhaíochta agus foghlama le BBC Thuaisceart Éireann, bás ar an 29 Deireadh Fómhair i ndiaidh dó obráid chroí a bheith aige.
fá choinne é a fhoghlaim. for the purpose of learning it
" Damhsa an phobail a bhí ann nach mbíodh ranganna foirmiúla ar fáil fá choinne é a fhoghlaim.
modh foghlama method of learning
" Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun.
ag foghlaim teanga nua. learning a new language
" Uimhreacha! An chéad rud a fhoghlaimíonn tú nuair a bhíonn tú ag foghlaim teanga nua.
chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama. to structure their learning
" Ach bhí sé de mhíbhuntáiste ag na daoine a d’fhreastail ar na ranganna seo nach raibh córas ar bith ann chun aitheantas a thabhairt don dul chun cinn a bhí déanta acu nó chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama.
chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil. to take the next step in the learning process
" Tá aitheantas tugtha don obair agus don dul chun cinn atá déanta ag an bhfoghlaimeoir agus spreagtar é chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil.
ag foghlaim ó na botúin learning from the mistakes
" B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr faoin eolas agus faoin gcomhairle seo ar fad atá ar fáil ar an idirlíon: is féidir linn a bheith ag foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile agus na fadhbanna a tháinig chun cinn agus iad i mbun oibre sa teach a sheachaint – rud a shábhálann a lán stró, agus níos mó airgid.
deacrachtaí foghlama learning difficulties
" Is léir ó na figiúirí seo nach bhfuil aon cheist ann ach go bhfuil deacrachtaí foghlama ag ar a laghad 5,147 de na daltaí a fuair díolúine sa bhliain 2006.
míchumas foghlama learning disability
" De réir figiúirí a scaoil an Roinn Oideachais chugam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an mhí seo caite, bíonn duine as gach beirt a bhfuil míchumas foghlama orthu, agus a fhaigheann díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge dá bharr, ag déanamh staidéir ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad.
le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach to support active learning
" Cothaítear díospóireacht agus comhphlé i measc na mac léinn le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sna ranganna.
foghlaim a cheirde learning his trade
" Cé nár bhuaigh foireann na scoile Craobh na hÉireann, údar mór díomá do Sheán Óg, bhí sé ag foghlaim a cheirde an t-am ar fad.
fadhbanna foghlamtha learning problems
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
foghlaim na huirlise learning the instrument
" Fidléir ab ea a athair fosta, dála a lán daoine eile den ghlúin sin sa cheantar agus thosaigh Séamus ag foghlaim na huirlise nuair a bhí sé óg.
foghlama learning
" Oideoir nó oideachasóir, fiontraí oideachais nó fiontraí foghlama, nó nuálaí sa chóras oideachais.
míchumas foghlama learning disability
" Léirigh an scéal seo go bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge faighte ag 2,297 dalta don scoilbhliain 2009-2010 de dheasca go bhfuil míchumas foghlama acu.
Foghlaim na Fuaime learning sound
" Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú? Foghlaim na Fuaime ========= Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint.
áiseanna foghlama learning aids
" Deirtear go gcuirfear ‘an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí’ ar fáil do COGG le dualgais áirithe a chomhlíonadh i réimse an oideachais ar nós téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus múinteoireachta a sholáthar agus comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.
i bhfoghlaim in learning
" Cén fáth go gcaithfidh an cainteoir dúchais a theanga a theilgean uaidh le go mbeidh dúil aisteach i bhfoghlaim na teanga sin ag a gharchlainn? Gach dream a thug aghaidh ar SAM as an Eoraip, rinne siad amhlaidh lena gcuid Iodáilise, Yidise, Gearmáinise agus tá sé ag tarlú i gcónaí leis an Pholainnis agus fiú leis an Spáinnis go deimhin.
Foghlamtha learning
" Tá sé dochreidte mar shampla go mbeadh 'comhairleoir' de chuid an Aire Danny Kennedy, Dr Brian Crowe, ag iarraidh táille gnéis a ghearradh ar chailín a bhí ag iarraidh cruinniú leis an Aire Fostaíochta agus Foghlamtha san Fheidhmeannas ó thuaidh.
modhanna féinfhoghlama self-learning methods
" Ar ndóigh, is fearr an féinsmacht, na modhanna féinfhoghlama agus is fearr modhanna féinspreagtha a bhíonn ag an duine fásta ná a bhíonn ag an ghasúr.
foghlaim mheasctha mixed learning
" Caithfear go mbeadh foghlaim mheasctha ann do dhaoine fásta chomh maith.
déanamh a léighinn learning
" Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh a léighinn; Is follas daoibh, a dhaoine, Gurab dó is aoibhne in Éirinn.
dhréimire na foghlama the learning curve
" - (ii) An dara céim ar dhréimire na foghlama is ea éisteacht leis na tráchtairí céanna anois agus sinn sleamhnaithe leath bealaigh anuas in umar na haimiléise.
shaíocht agus ar chultúr learning and culture
" Bíodh comóradh dátheangach ann chomh maith, ar shaíocht agus ar chultúr na hÉireann, idir shean is nua, le taispeántais eagraithe san iarsmalann náisiúnta agus sa leabharlann náisiúnta agus le ceolchoirm mhór san ardchathair.
ag foghlaim na ceirde learning the trade
" Bhí baint ag an Spáinneach le campa leadóige Carlos Moyá, a bhí ar an imreoir ab fhearr ar domhan i ndiaidh réimeas Phete Sampras i 2002, agus chaith Daithí mí ann ag foghlaim na ceirde ó Charlos.
ag foghlaim a cheirde learning the trade
" Chaith Stynes trí bliana ina dhalta ag foghlaim a cheirde mar pheileadóir Astrálach.
tuilleadh féidearthachtaí foghlama more learning opportunities
" Deir sí go bhfuil an-ghá le tuilleadh féidearthachtaí foghlama do dhaoine óga agus fásta, chun go mairfidh an teanga sa saol comhaimseartha.
an-fhoghlaim agus an-chothú teangacha great learning and great language maintenance
" Is féidir leat an-fhoghlaim agus an-chothú teangacha a dhéanamh trí shráideogadh fosta.
chuid lárnach de shaol foghlamtha Gaeilge a central part of the learning experience of Irish
" Do mo leithéid a raibh an fhuacht, an tae agus *Marie biscuits* mar chuid lárnach de shaol foghlamtha Gaeilge, léiríonn an foirgneamh ar Mhórshráid Shéamais an dul chun cinn atá déanta ag an Ghaeilge le 40 éigin bliain anuas.
dalta ag foghlaim students learning
" “Sular osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin, bhí tuairim is dosaen rang againn sa tseachtain agus corradh le 200 dalta ag foghlaim iontu.
ná roinnt a léinn orainn riamh may he continue to serve us with his learning
" Nár lagaí Dia a pheann ná roinnt a léinn orainn riamh.
breis oiliúna further learning
" Ag freastal ar sheimineár a bhain le cúrsaí oibre a bhí mé – tuigeann tú an cineál seimineáir a bhí ann, na cinn sin a bhfuil dualgas ort freastal orthu chuile bhliain ar mhaithe le forbairt phroifisiúnta, breis oiliúna agus mar sin de.
le míchumas foghlamtha with learning disabilities
" Bhí mé ag iarraidh obair leis an nGaeilge, obair le daoine gan dídean, bhí mé ag iarraidh obair le daoine le míchumas foghlamtha.
ag foghlaim amhráin learning a song
" Díríonn na ranganna ar chomhrá Gaeilge don chuid is mó ach bíonn deis ag na scoláirí blaiseadh den chultúr a fháil chomh maith, mar shampla, ag foghlaim amhráin agus ag amharc ar scannáin Ghaeilge agus cláracha faisnéise ó sheinnteoir TG4.
ag foghlaim as mo stuaim féin learning on my own
" Cheannaigh mé leabhar agus dlúthdhiosca agus thosaigh mé ag foghlaim as mo stuaim féin.
ag foghlaim drochnósanna learning bad habits
" Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo.
Deis iontach foghlamtha, nach ea it’s a great means of learning, isn’t it
" Deis iontach foghlamtha, nach ea?! D’fhógair *Mojang*, cruthaitheoirí *Minecraft*, le déanaí go mbeidh siad ag cur seirbhís freastalaí príobháideacha ar fáil, Minecraft Realms, ar costas $10 - $15 in aghaidh na míosa.
ní raibh muid ag foghlaim a dhath we were learning nothing
" Albainis Uladh, bhí na focail sin in úsáid againn gach lá, mar sin ní raibh muid ag foghlaim a dhath.
an próiseas taithíochta ag teastáil a learning practise
" Bíonn an próiseas taithíochta ag teastáil, agus ag teastáil go géar.
ní raibh ach baicle bheag i mbun fhoghlaim just a small group were learning
" "I gcuid de na carcracha, ar an loing Argenta, i mBóthar Cromghlinne, ar an Churrach, ní raibh ach baicle bheag i mbun fhoghlaim na Gaeilge.
Mar sin, chaith mé an bhliain sin ag foghlaim so I spent that year learning
" Mar sin, chaith mé an bhliain sin ag foghlaim na Laidine agus ag múineadh na Gaeilge i mbaile Chill Mantáin.
bhíos ag foghlaim I was learning
" Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam, ach n’a’ haon lá a bhíos ag obair sa raidió, bhíos ag foghlaim.
bhí cíocras léinn orthu uilig they all had a great appetite for learning
" In ainneoin gur dhílleachtaí cuid mhaith de na leanaí agus go raibh siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF) ar chuid mhaith eile díobh, bhí cíocras léinn orthu uilig.
iad a chur de ghlanmheabhair learning them off by heart
" Cé gur thaitin amhráin agus cluichí leo, ba é an rud ba mhó a dtug siad taitneamh dó ná sleachta a scríobh ina gcóipleabhair agus iad a chur de ghlanmheabhair.
ag foghlaim na fidle learning the fiddle
" com> Bhí suim ar leith ag Gaeilgeoirí i Learpholl sa bhua seo mar rugadh Tom Callister sa chathair sin agus thosaigh sé ag foghlaim na fidle i measc an chomhphobail Éireannaigh ansin, áit a raibh a athair Paul ina bhall de Chonradh na Gaeilge.
ná foghlaim faoi is learning about
" com/tracks/143329126&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ceann de na rudaí is suimiúla maidir le taisteal ná foghlaim faoi na traidisiúin a leantar sna tíortha ina bhfuil tú.
áis iontach foghlama agus teagaisc a great learning and teaching resource
" D’fhoilsigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann pacáiste ina bhfuil trí dhlúthdhiosca le déanaí ar áis iontach foghlama agus teagaisc iad don cheol Gaelach.
míchumas foghlama learning disability
" Léirigh taighde a rinne Breandán Delap le gairid go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daltaí nach bhfuil orthu an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar don Ardteist agus go bhfuil sé sin amhlaidh de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint as an díolúine atá ann do dhaoine a bhfuil míchumas foghlama orthu.
ag féachaint áis foghlama úr testing a new learning aid
" Bhí Sarah Ní Chonchobhair ag féachaint áis foghlama úr de chuid Gaelchultúr ar na mallaibh.
fhoghlaim na Seapáinise learning Japanese
" Ar mhaith leat tabhairt faoi fhoghlaim na Seapáinise? Tá Maitiú de Hál ag teagasc na Gaeilge i SAM i mbliana agus mar chuid den chlár Fulbright, déanfaidh sé stáidéar ar ábhair sa choláiste ina mbíonn sé ag teagasc.