Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sna trithí ag gáire roaring with laughter
" Bhí na daltaí sna trithí ag gáire faoi na radharcanna ina raibh Paddy Considine, i ról an fhir ar mian leis bheith ina aisteoir, agus é ar a dhícheall ag iarraidh bheith ag foghlaim a chuid línte.
racht croíúil a hearty fit (of laughter)
" Agus chan meangadh beag a bhí ann ach an oiread ach racht croíúil.
ann ach go dtiocfadh léi an gáire a cheilt she could barely suppress the laughter
" Fán am a tháinig Sadhbh isteach bhí Eibhlín ag damhsa le Féilim agus ann ach go dtiocfadh léi an gáire a cheilt.
screadanna agus gáire screams and laughter
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
neart gáirí plenty of laughter
" Bíonn monabhar cainte agus neart gáirí le cloisteáil.
rachtanna gáire bouts of laughter
" Tá fírinne aisteach ag baint leis an gcomhrá idir Aisling agus Neasán agus leis an gcaoi go mbriseann rachtanna gáire astu an uair go mbíonn deireadh leis na rúin.
han-racht gáire a great burst of laughter
" ” Thosaigh Cathy ag meangadh ansin agus chríochnaigh a cuid cainte le han-racht gáire sa dóigh gur chuir sí mé féin ag gáire nuair a dúirt sí: “.
gháire laughter
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
gártha na bpáistí the children's laughter
" Cronaímid uainn glóire an tsamhraidh: boladh na mbláth, saoirse an fheileacáin, loise na gréine, agus gártha na bpáistí.
le teann gáire from laughter
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
ag fáil bháis le teann gáire dying with laughter
" Nuair a bhí mé ar mo shuaimhneas arís, agus lán sásta liom féin, chaith mé súil ar na leaids arís agus le díoma, chonaic mé go raibh an eachtra ar fad feicthe acu agus iad ag fáil bháis le teann gáire.
an gol agus an gáire lament and laughter
"an gol agus an gáire anseo, an greann agus an t-uaigneas agus, thar aon rud eile, ceiliúradh na beatha.
pléascadh gáire a burst of laughter
" (pléascadh gáire) Ar an darna nó an tríú hiarracht, bhain mé an duais sa chomórtas cháilithe.
le teann gáire with laughter
" Tá Santa Marbh 7 Tá Dia ar Shiúl ============= Faoin am a bhí an phóg dheireanach léite ag Santa bhí Balor ar fhleasc a dhroma ar an urlár, a dhá chois in airde aige agus é ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall le teann gáire.
faoi stiúir ag traenálaí gáire being directed by a laughter coach
" Chríochnaigh an lá agus muid faoi stiúir ag traenálaí gáire, pé rud é sin a deir tú! Caithfidh mé a admháil go raibh mise agus mo chomhghleacaithe amhrasach go maith mar gheall ar an seisiún áirithe sin.
an seal gáire the spell of laughter
" É sin ráite, bhaineamar an-taitneamh as an seal gáire.
bunús daonna an gháire the human basis of laughter
" Thuig na sean-Ghaeil tábhacht an ghrinn agus bunús daonna an gháire i bhfad siar.
Tá leigheas feidhmiúil sa racht gáire a burst of laughter is an effective cure
" Tá leigheas feidhmiúil sa racht gáire, sa scigireacht chiúin, nó fiú sa mheangadh séimh.
Is frithnimh chumhachtach é an gáire laughter is a powerful antidote
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
an gáire sona the happy laughter
" Sin an gáire sona agus bíonn tionchar an domanó ag baint leis.
Tuilleadh gáire a theastaíonn more laughter is needed
" Tuilleadh gáire a theastaíonn, dar le Mícheál Ó hAodha.