Ach an rud a rinne muid ná ionad a bhunú i mBéal Feirste, Art and Research Exchange, agus ba é an fhealsúnacht a bhí taobh thiar de, gur áit a bheadh ann a dtiocfadh le gach duine i measc an lucht oibre theacht isteach agus úsáid a bhaint as an ábhar - bhí ábhair phéintéireachta ann, seomra dorcha do na grianghrafadóirí, bhí mise ag iarraidh áit ar leith a chruthú do lucht na Gaeilge agus an ealaíon a theagasc fríd an Ghaeilge - agus chuaigh muid chuig taispeántas mór a bhí cosúil leis an Venice Biennale agus bhí mise ag dul thart ag déanamh amharclainne sráide agus dá réir, ach mar a tharlaíonn go minic,
chuir an mheánaicme a ladhar isteach agus ghlac siad smacht ar an ait.