Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite;
lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá.