Déanann sé scrúdú ar an tslí a bhfuil siad léirithe go polaitiúil ag na meáin chumarsáide agus, dá bharr seo, an bhunbhrí atá le feiceáil iontu athraithe nó lúbtha.
Tá a shaothar lán tagairtí don bhás agus don anghrá agus, in ainneoin iad a bheith léirithe le lámh churámach fhineálta, is minic a bhíonn an íomhá chríochnaithe foréigneach - bíonn géaga lúbtha le feiceáil, cuir i gcás, nó coirp scriosta, i bpian.
Tá an carr anois ina chnap de mhiotal lúbtha dóite agus chuirfeadh an cruth agus an dath meirge atá air corpán ársa i gcuimhne duit ach a bheith leasaithe le himeacht mhall an ama sa phortach.
Cuireadh an tuairim chun cinn go raibh cuid den mhilleán ar lucht oiliúna go raibh imreoirí Shasana agus, cé chreidfeadh é, imreoirí na Brasaíle, á scrios ag drochoiliúint – oiliúint a leagann béim ar mhéid, neart agus láidreacht an imreora agus ar thaicticí do-lúbtha seachas ar scileanna an chluiche a fhorbairt agus a dhaingniú.