” An bhfuil údair na tuarascála seo a mhaíomh i ndáiríre go bhfuil an
líonra sóisialta Gaeilge ar aon dul leis an chumann rugbaí nó gailf nó le seancharbhat na scoileanna príobháideacha?
Samhlaím an focal “elite” in Éirinn le dream beag daoine faoi phribhléid: lucht an rachmais, abhcóidí sinsir, amhantraithe airgeadais, forbróirí, baincéirí, comhairleoirí leighis, tiarnaí talún Angla-Éireannacha srl.