Rinne Seoirse Mac Clúin iarracht ceachtanna Matthew Arnold a mhúineadh do lucht na Gaeilge ina leabhar Infhiúchadh ar Phrionnsabail, Fuirmeacha agus Léirmheastóireacht na Litríochta (1926), leabhar a mhol “*the Arnoldian view of literature as a criticism of life…*” Chuir
léirmheastóir chantalach éigin i gcoinne an leabhair seo de dheascaibh na bhfoinsí Breatanacha, ach go háirithe Arnold agus aistí dianmhothaitheacha radacacha William Hazlitt agus rinne sé gearán mar gheall ar “dath gallda” iarracht Mhic Clúin.