”
Bhí an t-ádh ar Risteard mar gur fhógair an coláiste
léachtóireacht le Gaeilge agus teangeolaíocht agus, mar a deir sé féin, “Creidim gur mise an t-aon duine amháin sa tír a raibh an dá cháilíocht sin aige!”
Bhí deis ag mic léinn a chuaigh go Cúil Raithin teangacha mar an Rúisis nár múineadh sna meánscoileanna a fhoghlaim ó thús agus chonaic Risteard go mbeadh buntáiste ag baint leis an deis chéanna a chur ar fáil do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar.