Bhí an banna ag athrú ag an am; bhí Colm Mac Con Iomaire agus Dave Odlum tar éis cinneadh a dhéanamh cloí leis na Frames (cé go rabhadar lánsásta cuidiú linn sa taifeadadh) agus bhí Dave Reidy agus Dee tar éis teacht isteach chugainn ina n-ionad.
Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.