a dhéantar a láimhseáil
which are handled
Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna
a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht.
airgeadas a láimhseáil
to deal with finances
Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí,
airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
a láimhseáil
to handle
Anois, cad é an chiall atá leis sin? An gciallaíonn sé go ligfidh Rialtas na Breataine don DUP an luas lena mbogann an próiseas chun tosaigh
a láimhseáil?
Nó an gciallaíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm modhanna oibre a ligfidh don Fheidhmeannas agus don Tionól agus a chuid coistí bheith níos éifeachtaí gan an Comhaontú a bhriseadh?
Measann náisiúnaithe go bhfuil an chéad léamh beacht; deir aontachtaithe nach bhfuil siad ach ag iarraidh feabhas a chur ar obair na n-institiúidí.
a láimhseáil
to handle
Tá guthán Firefly, a rinne athair in Illinois a dhearadh, níos lú na gutháin phóca eile, agus dá bhrí sin tá sé níos fusa ag páiste é
a láimhseáil.
iad a láimhseáil
to handle them
Is scil ann féin é bheith in ann plé le láithreoirí agus
iad a láimhseáil – sin rud atá in easnamh, go mór mór i gcás léiritheoirí.
á láimhseáil againn
being handled by us
An bhfuil an dúshlán sin
á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil
which regards to the way in which the commemoration would be handled
Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo
maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
láimhseáil
handling
Tá taithí na mblianta fada ag na húdaráis san Astráil ar
láimhseáil na dtinte faoin tuath, agus éiríonn leo, den chuid is mó, iad a cheansú, nó iad a choimeád faoi smacht ar a laghad.
láimhseáil an eolais
handling, usage of knowledge
B’fhearr liom díriú ar
láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.
Láimhseáil
handle(d)
Láimhseáil sách maith déanta aige ar athchaipitliú na mbanc ach amhras mór ag baint le héifeacht NAMA.
scaifte a láimhseáil
to handle the crowd
Comhdháil bhliantúil atá ann agus thig le hOllscoil ar bith cur isteach chun é a reáchtáil, ach tá an tOllamh Bakka a thabhairt go hOllscoil NUTU i dTrondheim le roinnt blianta anois - creidim cionn is go bhfuil Lochlannaigh Ríocht na hIorua chomh saibhir, agus, cinnte, bheadh roinn Ethnochoreology Ollscoil Luimnigh róbheag lena dhéanamh nó ghlacfaí foireann mheasartha mhór leis an
scaifte a láimhseáil.
láimhseáil
to handle
Thiocfadh liom Willie O Dea a cheapadh ina ghinearál orthu; tá taithí aigesean ar uirlisí troda a
láimhseáil.
láimhseálann
handle
Siadsan na húdaráis a
láimhseálann cumhacht.
á láimhseáil
being manipulated
Níl ár gcuid mothúchán
á láimhseáil ná ár dtreorú le ceol aige ach oiread.
láimhseáil
to handle
Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a
láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
ar láimhseáil
handled
Dar le cách ba chóir go mbeadh cic saor ag na hÉireannaigh an tráth
ar láimhseáil Mac Annraoi an liathróid agus rinneadh, dá bhrí sin, éagóir ar fhoireann na hÉireann.
láimhseáil
to handle
Mar a dúirt an réiteoir aitheanta liom: “b’fhearr liom féin agus le réiteoirí eile, fearg agus droch-chaint mhailíseach a bheith dírithe orainn féin ná ag imreoirí ar a chéile mar go mbíonn sé níos éasca fearg an imreora a
láimhseáil sa chomhthéacs sin ná mar a bhíonn nuair a dhíríonn sé a fhearg ar imreoir eile”.
lucht láimhseála
handlers
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil faitíos ar a
lucht láimhseála é a scaoileadh amach ar an bpáirc imeartha róluath, ar eagla na heagla go ndéanfadh sé níos mó dochar ná maitheas do chás a pháirtí.
láimhseáil
to handle
Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a
láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
ag láimhseáil
handling
Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí
ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
láimhseála
of being handled
Thar aon ní eile is áis tagartha é *QuickGuide™ Irish Grammar* atá furasta a iompar ach mar gheall ar an bpáipéar lannaithe, tá sé láidir agus seasfaidh sé saol fada
láimhseála.
láimhseáil
handle
Níl ar dhuine ach a chruthú go bhfuil sé in ann gunna a
láimhseáil agus a chruthú nár ciontaíodh as coir riamh é.
láimhseáil tíortha éagsúla
various countries handled
An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair?
Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar
láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
bagairt mar seo a láimhseáil
to handle a threat like this
Ar ndóigh, tá neart áiseanna ag na póilíní le
bagairt mar seo a láimhseáil, go mór mór tar éis na gcíréibeacha anuraidh.
tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil
there’s both comedy and light-heartedness in how it’s dealt with
Más ábhar tromchúiseach é sin,
tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil.
an geilleagar a láimhseáil
to manage the economy
Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas
an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmle ‘travailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.
suíomhanna áirithe a láimhseáil
to manage particular sites
) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo
suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
nach féidir léi an brú a láimhseáil
she can’t handle the pressure
Ní féidir linn an locht a chur ar Lehane amháin, áfach!
Barraíocht in Aon Ualach Amháin
================
Tá neamhchothroime san athchóiriú agus tá formhór na línte ag Lehane, agus is dócha
nach féidir léi an brú a láimhseáil.
le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil
to help her handle the business side of things
An Fuadar nach bhFeictear
==========
Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú
le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
láimhseálann
handle
Má tá tú ar thóir a leithéid bí ag faire amach do: sciath GSM a chiallaíonn nach mbeidh ort an guthán a chur ar ‘mhodh eitleáin’ nó ‘Airplane Mode’; conas a
láimhseálann na callairí na nótaí is ísle; agus an tacaíocht atá taobh thiar den iPod chun an brú ar an nascóir a laghdú.
as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin
how they handled themselves
Tá ardmholadh agus meas as an úr a thabhairt i measc náisiúnaithe do Naomi Long agus do David Ford
as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin le linn na trioblóide.
acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil
resources to handle the problems
Caithfidh na póilíní ar Merseyside aitheantas a thabhairt don fhrith-Éireannachas agus don chiníochas atá sa chathair agus ba chóir go mbeadh
acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil.
in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr
on the island able to handle employment better
Bheadh eagraíocht amháin
in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr.
a bhí ag láimhseáil an iarratais
who was handling the application
Mhol an cigire ón Bhord Pleanála
a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
láimhseála ar an mbóthar de
of roadhandling
Féachaint an Bhóthair
=======
Ó thaobh
láimhseála ar an mbóthar de, tá an 159 i bhfad níos fearr ná an 156.
láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht
using a camera and editing
Bhí suim riamh aici sa taobh theicniúil den tionscal,
láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht, srl.
le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh
to handle and shoot a gun
Féach an bheirt sin thall; sin James Gandolfini ag caint le Stormin’ Norman Schwarzkopf agus James ag taispeáint do Norman an dóigh cheart
le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh.
láimhseáil sé scéal a nia
he handled his niece’s story
Go malltriallach, tá cuimhne ag teacht chuige faoin dóigh ar
láimhseáil sé scéal a nia, Áine Dahlstrom ar bhain a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, mí-úsáid gnéasúíl aisti.
ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc
delaying in handling the appeals
A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise
ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.
láimhseáil
to handle
Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a
láimhseáil.
láimhseáil
handling
Deineadh
láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
chun an méala a láimhseáil
to handle the bereavement
Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach
chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir.