Is fear é a bhfuil taithí aige mar stocaire agus mar bhall d'institiúidí fíorchoiméadacha - an American Enterprise Institute, cuir i gcás, atá ag maíomh go fóill gurbh é Saddam Hussein faoi deara ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nach bhfuil a leithéid ann agus téamh domhanda, gur cheart do gach saoránach seilbh a bheith aige ar ghunnaí, gur cheart teorainneacha Mheiriceá
a láidriú arís eile, agus gur cheart don arm fanacht san Iaráic.