Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cineáltas gan choinne unexpected kindness
" Sa naoi lá dhéag a chaith mé ansin, léiríodh cineáltas gan choinne dom ar a laghad deich n-uaire gach lá agus téann sé dian orm an réimse mothúchán a bhraith mé a mhíniú.
cneastacht kindness
" Nuair a chuirtear aidhm amháin roimh an uile ní, is deacair caidreamh fiúntach, cneastacht idir dhaoine ná suaimhneas intinne a chothú.
cineáltas kindness
" Ach, mar a gheobhainn amach, dá mhéad a scéimh is ea is mó a cneastacht is a cineáltas.
dea-mhéin kindness
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
an daonnacht human kindness
" Ach cuideoidh sé linn an dóchas a chothú arís – fríd an ealaíon, fríd an comhoibriú, fríd an charthanacht, agus fríd an daonnacht.
na cneastachta a thaispeáin sé the kindness he showed
" Mhéadaigh a cháil de bharr na miorúiltí a rinne sé agus de bharr na cneastachta a thaispeáin sé do na daoine bochta agus do ghasúir ach go háirithe.
féidir le cineáltas an choimhthígh a stranger’s kindness can
" Tuigimid anois gur féidir le cineáltas an choimhthígh do shaol iomlán a leasú agus go bhfuil daoine ar leith sa saol a shínfeas amach an lámh chúnta le fonn, gan choinne.
mairfidh cuimhne ar a láiche is ar a luach go brách her kindness and worth shall always be remembered
" An duine óg, fuinniúil, siúlach, a cailltear i dtaisme bóthair is nach n-áirítear go hoifigiúil ach mar mhír staidrimh, mairfidh cuimhne ar a láiche is ar a luach go brách i measc a muintire féin, ní a thuigeann Máiréad Uí Shúilleabháin, comharsa Catherine Foley.