Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seaicéad cosanta flak jacket
" Bhíodh air seaicéad cosanta a chaitheamh agus é ag fágáil na hoibre le dul chuig cruinnithe i Halla na Cathrach agus is minic a thiománadh comhghleacaí dá chuid sa nuachtán chuig geata de chuid an halla é (ceann difriúil gach uair, ar chúiseanna slándála).
seaicéid jackets
" Táim freisin i mo shaineolaí ar na cnaipí atá ar na seaicéid atá ag na reisimintí éagsúla, agus maireann Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann thall i bPálás Buckingham - reisimintí Albanacha agus Éireannacha ina measc.
ag cornadh bhun na casóige rolling the hem of the jacket
" "An ndéanfaidh mé gnaithe?" arsa Hannah agus í ag cornadh bhun na casóige.
seaicéid tarrthála life jackets
" Ansin chuir muid seaicéid tarrthála orainn agus ar aghaidh linn.
i seaicéid bhréidín in tweed jackets
" Ach murab ionann agus an lucht léinn traidisiúnta - a shamhlaítear go minic mar dhaoine ardnósacha, i seaicéid bhréidín, atá scoite amach ón ngnáthshaol - is scoláire nua-aimseartha agus duine iontach cairdiúil í Anna.
isteach i muinchille a chasóige into the sleeve of his jacket
" “Is mise Dia!” Labhair an boc mór rúnda isteach i muinchille a chasóige agus chruinnigh a chuid fórsaí dúrúnda thart ar an chéad duine eile a raibh cuma chlúiteach air.
casóg jacket
" Níl a fhios agam an bhfuair siad uilig casóg saor in aisce ón chomhlacht Meiriceánach seo, nó breab chun a gcuid éadaí a chaitheamh, ach cibé ar bith, poiblíocht d’aon ghnó a bhí ann.
Osclaíonn sé a sheaicéad he opens his jacket
"Osclaíonn sé a sheaicéad lena t-léine a thaispeáint dom – tá an mana, “*Protect your vital organ*”, scríofa air.
seaicéid jackets
" com/watch?v=3zuBxSFOlQI) Agus tú ag breathnú ar an ngearrthóg seo, is léir gurbh í an tréimhse a bhí i gceist ná na hochtóidí: tá seaicéid *Miami Vice* á gcaitheamh ag cuid den bhanna!“Bhí lá iontach againn.
ionar lonrach reflective jacket
" Blianta roimhe sin sula raibh aon chaint ar chlogaid rothaíochta nó ar aon ionar lonrach flannbhuí agus buí a chaitheann go leor rothaithe anois, bhí drochthimpiste rothair agam.
ionar cosanta protective jacket
" Cloistear moltaí ó am go chéile gur ceart ligean do lucht gluaisrothair na lánaí bus a úsáid i gceantair uirbeacha, nó go mbeidh caitheamh ionar cosanta, mar aon le lámhbheart agus coisbheart, chomh héigeantach céanna feasta is atá an clogad gluaisrothair faoi láthair.
a chasóg his jacket
" “Ar a chlár teilifíse Frontline beidh fáinne na Gaeilge ag lonrú ar a chasóg agus nuair nach mbeidh focal cáinte ar bith ag teacht as a bhéal faoi mhúinteoirí na tíre, creidfidh an lucht féachana nach easpa Gaeilge is cúis leis.
casóg olla a woollen jacket
" Tá sé á ghléasadh féin chun bóthair: maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an dá chluais, casóg olla air agus crios aniar faoina lár.
Bhain sé dhó a chasóg he took of his jacket
" Bhain sé dhó a chasóg, agus leag sé ar an bpoll é agus bhí sé ag coinneáil amach an uisce go breá.