Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar –
bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.