bainteach leis an stáisiún
involved with the station
Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh
bainteach leis an stáisiún cheana.
bainteach leis
involved in
Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí
bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas
who used to be involved in paramilitary activity
"Ní thugann muidinne aitheantas do dhream ar bith paramíliteach," a deir sé, "ach caitheann muid a aithint, má tá muid le bheith ag obair le grúpaí ónár bpobal féin agus le grúpaí ón phobal poblachtánach, go gcaithfidh muid a bheith sásta obair a dhéanamh le daoine
a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas.
bainteach leis
involved with
"Ní raibh mé buartha faoi bheith ag fanacht le teaghlach Meiriceánach mar go raibh a fhios agam go raibh siad
bainteach leis an chlár le roinnt blianta sular shroich mise an áit agus mheas mé go mbeadh tuiscint mhaith acu ar na cúrsaí seo.
i mbun
involved in
Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse
i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
sáite i gcúrsaí Gaeilge
involved in the Irish language
Thaitin saol na hollscoile go mór leis agus bhí sé
sáite i gcúrsaí Gaeilge le linn na tréimhse ansin.
sáite i
involved in
Bhí mé an-bhródúil, dar ndóigh, agus bhí mé díreach réidh le rá leo gur mise a rinne an nóta a dhearadh nuair a dúirt duine acu leis an duine eile, 'Look at that - that's shite'!"
Tá Ballagh
sáite i go leor eagraíochtaí agus tionscadal a bhfuil baint acu le cúrsaí cultúrtha, náisiúnachais agus ealaíne.
bainteach leis
involved with
Bhí sí
bainteach leis an iris *Comhar *ar feadh 10 mbliana nó mar sin, mar eagarthóir agus ansin mar bhainisteoir, agus bhain sí an-taitneamh as na hoícheanta a chaith sí ag cur na hirise le chéile leis an siosúr agus an *Pritstick*, agus as a bheith ag obair le daoine mar Bhreandán Ó hEithir, Fiachra Ó Marcaigh agus Fiach Mac Conghail.
a bhí bainteach le bunú na heagraíochta
who was involved in the founding of the organization
Cén fáth ar bunaíodh é?
D'fhoghlaim gach duine
a bhí bainteach le bunú na heagraíochta an Ghaeilge le múinteoirí difriúla agus i ranganna difriúla; nuair a chríochnaigh na ranganna sin, thosaigh na daoine sin ag bualadh le chéile, ag foghlaim na Gaeilge le chéile mar nach raibh aon ranganna ar siúl i Worcester ag an am sin.
nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl
who was in no way involved in what was happening
Thosaigh na póilíní agus na saighdiúirí a bhí in éineacht leis na turasóirí ag scaoileadh leis na hagóideoirí agus mharaigh siad seisear, páiste ocht mbliana d'aois ina measc
nach raibh baint dá laghad aici lena raibh ar siúl.
sáite
involved
"
Bhí fuinneamh an fhir le feiscint fiú ag tús na n-ochtóidí, agus é
sáite i go leor rudaí taobh amuigh den saol acadúil, "ag déanamh cúpla rud ag an am céanna".
lucht déiríochta
those involved in the dairy industry
Níl aon bhuntáiste suntasach ag
lucht déiríochta ach an oiread.
bainteach leis
involved with
Litreacha
=======
Tá litreacha scríofa ag grúpa s'againne chuig na hairí ar fad atá
bainteach leis an scéal, chomh maith le Margot Wallstrom sa gCoimisiún Eorpach.
sáite
deeply involved
Sna blianta sin, bhí suim ag Bríd sa pholaitíocht ach ní raibh sí
sáite ann.
gafa leis an ghnó seo
involved in this business
"
Bhí cuma éirimiúil uirthi, mar sin chuir mé an cheist uirthi a mbeifeá ag súil léi: "Cad é mar a d'éirigh tú
gafa leis an ghnó seo?"
"B'oifigeach preasa mé le cumann carthanachta do lucht scitsifréine," a dúirt sí, "ansin bhuail mé leis an fhear seo.
bainteach leis
involved with
Agus gur seo, leis, a thug air amhras a chaitheamh go mí-ionraic ar fhianaise úrnua a thug clár ar TG4 faoi dhúnmharú Fullerton (a raibh mé féin
bainteach leis) chun solais le gairid.
bainteach
involved
AÓF: Céard iad na dualgaisí atá ort anois?
BNicG: Ní hé go bhfuil aon dualgaisí orm nach mbeinn
bainteach leo muna mbeinn i mo Rós.
ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge
criticising the efforts of those involved in the revival of Irish
”
*“The Irish language has failed to flourish,” *a dúirt eagarfhocal an *Irish Times *an mhí seo a chuaigh thart, agus é
ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge.
ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge
criticising the efforts of those involved in the revival of Irish
”
*“The Irish language has failed to flourish,” *a dúirt eagarfhocal an *Irish Times *an mhí seo a chuaigh thart, agus é
ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge.
lucht na síceolaíochta
those involved in psychology
‘Treisiú’ a thugann
lucht na síceolaíochta air sin.
lucht an tionscail núicléach
those involved in the nuclear industry
Beidh
lucht an tionscail núicléach sásta!
Drochsmaoineamh?
=======
An drochsmaoineamh é an gluaisteán hidrigine, mar gheall ar an ngá le cumhacht núicleach a bhaineann leis? B’fhéidir narb ea, agus fad is a bheidh an ola ag laghdú éireoidh an hidrigin níos tabhachtaí mar bhealach eile.
gur éirigh sé sáite sa chonspóid seo
that he became involved in this controversy
Is fear é Joe a mbeadh meas ag daoine air go leitheadach, ach is léir
gur éirigh sé sáite sa chonspóid seo gan mórán machnaimh a dhéanamh.
bainteach leis an tionscadal
involved in the project
Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith
bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
bainteach leis an bpolaitíocht
involved in politics
Tá Harney ar dhuine de na polaiteoirí sin a thugann íomhá mhaith dóibh siúd atá
bainteach leis an bpolaitíocht.
aos ealaíon na hEorpa
those involved in the arts in Europe
Is doiligh a shamhlú sa lá atá inniu ann an tionchar a bhí ag na “haistriúcháin” seo ar mheon
aos ealaíon na hEorpa san 18ú agus an 19ú haois.
bainteach leis
involved in
Cé mhéad duine atá
bainteach leis an eagraíocht?
Ó thaobh ballraíochta de, tá níos mó ná 1,000 ball againn faoi láthair.
bainteach leis an eagraíocht
involved in the organisation
Cé mhéad duine atá
bainteach leis an eagraíocht?
Tá timpeall 1,200 ar ár liosta seoltaí.
bainteach le feachtais éagsúla
involved in various campaigns
”
Feachtais
=======
Ó d’fhill Colmán ar Mhaigh Eo i 1977, le dul i mbun oibre i mbunscoil i gCnoc Mhuire, tá sé tar éis bheith
bainteach le feachtais éagsúla sa chontae.
bainteach leis an eagraíocht
involved in the organisation
Cé mhéad duine atá
bainteach leis an eagraíocht?
Tá timpeall 1,200 ar ár liosta seoltaí.
sáite i go leor conspóidí
involved in a lot of controversies
Is dócha go raibh lúcháir air slán a fhágáil ag an Roinn Sláinte, áit a raibh sé
sáite i go leor conspóidí.
lucht na heitleoireachta
those involved in aviation
Is é an taispeántas seo an príomhionad gnó do
lucht na heitleoireachta san Eoraip.
bainteach leis sin
involved in that
Bhí baint ag mo thuismitheoirí le cearta sibhialta agus i rith an ama sin a tharla an chéad Oireachtas i Ros Muc, agus bhí siad
bainteach leis sin.
bainteach leis an mbagairt
involved in the threat
D’fhógair coimisinéir na bpóilíní go rabhthas ag fiosrú an bhféadfaí cás ceannairce a thabhairt in aghaidh Bainimarama agus aon duine eile a bhí
bainteach leis an mbagairt in aghaidh an rialtais.
sáite sa cheol
very involved in music
Bhí a shinsear
sáite sa cheol ina gceantair dhúchais, Contae Lú agus tuaisceart Chontae na Mí.
leathbhainteach
half involved
Bhí rang socheolaíochta lena raibh mé
leathbhainteach mar léachtóir ollscoile ag caitheamh leath lae in Passaic County Jail, in Paterson, New Jersey.
sáite i gcúrsaí ceoil
heavily involved in music
“Bhí mé
sáite i gcúrsaí ceoil agus bhí mé ag iarraidh oibriú amach cad é mar a thiocfadh liom dul go hÉirinn.
bainteach leis an imeacht,
involved in the event,
Tá an tacaíocht atá á fáil acu ó dhaoine éagsúla atá
bainteach leis an imeacht, go háirithe na ceoltóirí, i ndiaidh misneach iontach a thabhairt dóibh.
céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta?
what inspired him to become involved in entrepreneurship?
Bhí sé sna daichidí faoin am sin –
céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta?
“Fuair mé an fhéinmhuinín a bhí de dhíth le gnó a thosú go neamhspleách ó bheith ag obair le Seán.
bainteach le heachtra
involved in an incident
Bíonn sé deacair cruinnithe a eagrú agus na páirtithe ar fad a bhí
bainteach le heachtra a thabhairt le chéile.
le bheith páirteach in agóid na mac léinn
to be involved in the students' protest
Dúirt sé féin go ndeachaigh sé go Páras
le bheith páirteach in agóid na mac léinn sna seascaidí agus ansin gur chaith sé am in Ollscoil Kiel sa Ghearmáin ag déanamh staidéir ar an fhisic sular bhog sé ar ais chun na Breataine le post a ghlacadh in Ollscoil Sussex.
ach amháin go raibh rialacha i gceist.
only that rules were involved.
138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre,
ach amháin go raibh rialacha i gceist.
páirteach
involved
”
Bhí sé d’ádh ar Collins fosta go raibh Colm Meaney, aisteoir a bhfuil clú agus meas idirnáisiúnta air,
páirteach in Kings.
agus é i mbun a ghnó.
while involved with his business.
“B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’”
De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige
agus é i mbun a ghnó.
a bhí bainteach leis
that were involved with it
*Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe
a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre
for her to be involved in leading the country
Dar leis an seanadóir, ní bheadh sé ceart ná cóir
í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre de bharr go raibh sí “*deliberately barren*”.
atá bainteach le
which involves
Tá súil agam nach mbeidh eolas níos tábhachtaí agus níos pearsanta – ar nós cúrsaí sláinte nó airgeadais – i gceist má tharlaíonn scannal eile
atá bainteach le seirbhísí idirlín a bheith ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí le fógróirí.
bainteach leo
involved in them
Dar leis an Aire Sábháilteachta Bóthair, Jim Fitzpatrick, bhí níos mó ná 400 timpiste a raibh *sid*
*e swipes*
bainteach leo sa Bhreatain sa bhliain 2006.
a bheith páirteach
to be involved
Tá an ceart ag tíortha eile
a bheith páirteach san imscrúdú chomh maith – mar shampla, an tír ar léi an t-eitleán, an tír inar tógadh é, an tír inar tógadh a innill, agus uaireanta, más saoránaigh de chuid tíre faoi leith iad formhór na bpaisinéirí, tabharfar cead don tír sin
a bheith páirteach san imscrúdú freisin.
Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí
to be fair to the people who were involved in the policy
Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe, chreid a bhformhór go raibh siad ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol.
bainteach leis an saol acadúil
involved with academic life
Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad
bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
na daoine atá ina bhun.
the people who are involved with it
Tá meas agam ar *Lá Nua* agus ar
na daoine atá ina bhun.
bainteach le
involved with
Bhí Hirst
bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh sé mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.
bainteach le polagamas
involved in polygamy
Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith
bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal *A Study in Scarlet* ón tsraith *Sherlock Holmes* a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887.
bainteach le
involved with
Ba é an clár cainte “Limelight” an ceann deireanach a raibh sí
bainteach leis sular chinn sí ar chúl a thabhairt leis an obair theilifíse.
i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh
involved in illegal gambling
In Eanáir 2006, mharaigh buíon SWAT in Virginia
optaiméadraí darbh ainm Salvatore Culosi ar cuireadh ina leith go raibh sé
i mbun cearrbhachais mhídhleathaigh ar an idirlíon!
Tá díospóireacht ar siúl in Éirinn faoi láthair maidir le cé acu ar cheart do na Gardaí airm a bheith acu nó nár cheart.
a raibh airgead ollmhór i gceist leis,
which involved a lot of money
Ach bhí Phil agus fear darbh ainm Bill Martin tar éis comhlacht léiriúcháin a bhunú agus chuaigh siad chuig Polydor agus, mar gheall ar gur chomhlacht léiriúcháin iad, fuair siad conradh dúinn
a raibh airgead ollmhór i gceist leis, tríocha míle (punt), sin timpeall trí chéad míle in airgead an lae inniu.
lucht bainistíochta spóirt
those involved in sports management
Cuid mhór de ghnó
lucht bainistíochta spóirt sa lá atá inniu ann is ea an obair shíceolaíoch – is é sin, bíonn bainisteoirí agus traenálaithe ag gríosú, ag spreagadh agus ag moladh na n-imreoirí.
ag plé le foirne
involved with teams
Bíonn líon mór daoine
ag plé le foirne na laethanta seo.
a raibh baint aige riamh le traenáil foirne.
who was ever involved in training a team.
Ach ní tharlaíonn a leithéid i gcónaí, mar is eol d’aon duine
a raibh baint aige riamh le traenáil foirne.
i mbun an tionscadail
involved in the project
Má tá fonn ort anois cliceáil ar an gcnaipe nascleanúna le héalú ón alt scanrúil seo, ná déan! Ní gá tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch atá curtha ar fáil acu siúd atá
i mbun an tionscadail.
bainteach le
involved in
Environment” mar gheall ar a cháil mar chomhshaolaí mór le rá –
bainteach le scannal comhshaoil chomh maith.
bainteach leis an ngluaiseacht
involved with the movement
In Éirinn, dúirt Tang Liang, ar Síneach é atá ag gabháil do chéim in UCC, go raibh sé ciaptha leis an imní mar gheall ar gur gabhadh a thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus é curtha ina leith go bhfuil siad
bainteach leis an ngluaiseacht Falun Gong.
bainteach
involved
Ní raibh Jim
bainteach leis an tionscadal ag an tús; ba é fear ceamara darb ainm dó Ken Fogarty a chuir tús leis an gclár in éineacht linn.
bainteach
involved
Níorbh aon ionadh é, b’fhéidir, agus go leor ball de chuid Chlub 1001 ina gcomhaltaí de chuid Broederbond, cumann cumhachtach san Afraic Theas a raibh sé mar aidhm acu siúd a bhí
bainteach leis réimeas an chine ghil a choinneáil sa tír sin.
bainteach
involved
Ach is léir go bhfuil cuid mhór daoine i mBaile Átha Cliath ar spéis leo a bheith ag plé leis an gcraoltóireacht mar chaitheamh aimsire: tá céad duine
bainteach leis an tseirbhís faoi láthair ar bhonn deonach.
lucht na dtionscal mór.
those involved in the big industries
Is deacair a oibriú amach an í soineantacht nó féinmhealladh atá ar siúl acu, ach is léir nach bhfuil ag teastáil uathu ach teachtaireachtaí simplí a thugann réitigh ar fhadhbanna, mar dhea, agus is é seo atá ar siúl ag
lucht na dtionscal mór.
cur a ladar isteach
involving themselves
Dar leo, ba cheart don ról sin a bheith beag; ní cheart dó, mar shampla, a bheith ag cur srian ar ghunnaí sa tír, ná ag
cur a ladar isteach i gcúrsaí oideachais na stát (tá córas oideachais faoi leith ag gach stát i Meiriceá).
lánpháirteach
fully involved
Reáchtáladh comóradh eile san Astráil mí ní ba dhéanaí le haghaidh 10ú cothrom an lae inar cuireadh tús leis an bhfeachtas síochána sa Tíomór Thoir Meán Fómhair na bliana 1999, eachtra ina raibh arm na hAstráile
lánpháirteach.
sáite
involve
"Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad
sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
níos baintí
more involved
Caithfidh siad a bheith
níos baintí leis an saol scolártha.
chuireadar a ladar féin
isteach they involved themselves
Thuig na comhlachtaí cairr freisin gurbh ar a leasna a bheadh bás na dtraenach, agus
chuireadar a ladar féin isteach.
lucht a chleachta
those involved in it
Bíonn saol na talmhaíochta an-chrua ar
lucht a chleachta sa tír seo, gan aon agó.
níos sáití
more involved
Dar leis, táimse i bhfad
níos sáití sna meáin sóisialta ná mar atá an-chuid daoine.
casta
difficult, involved
Ní bhíonn orainne an córas
casta seo a fhoghlaim buíochas le Dia! In éineacht leis an Hireagánach, bíonn muid ag úsáid an Romaji, aibítir Rómhánach atá ann chun fuaimeanna na Seapáinise a mhíniú do lucht foghlamtha, ‘Sayonara’ cuirim i gcás, agus a leithéid eile.
casta
involved, intricate
Ba láidir an caidreamh a bhi eatarthu ach bhí sé
casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic.
sáite
involved
An Cos ar Bolg
========
Bhí Éireannaigh
sáite in obair an chos ar bolg ar son Shasana, na Fraince, na Spáinne, na Portaingéile, na hAstráile, na hAfraice Theas, na Rúise, SAM agus áiteanna eile nach iad, gan trácht siar ar na saighdiúirí dubha - na constáblaí - agus lucht gróite na dtiarna is na ngníomhairí ar an oileán iathghlas féin.
a ladar isteach sa scéal
become involved
Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní
a ladar isteach sa scéal.
go bhfuil ealaíon ag baint leis an mbéaloideas
there’s an art involved in folklore
**
RUíÓ: Is fíor san, cinnte, agus tá sé ráite ag go leor daoine a bhíonn ag plé leis an mbéaloideas faoin uair a chuimhníonn daoine ar ábhar a bhailiú, go mbíonn an t-ábhar sin ag imeacht, is nuair a thugtar faoi deara go bhfuil rud ionann is imithe, go minic, socraítear ar é a bhailiú agus sílim, má d’éirigh liom rud ar bith a chur in iúl do na mic léinn, b’fhéidir an tuiscint sin go bhfuil an béaloideas ionainn ar fad, go bhfuil sé an-lárnach do fhorbairt ar an mbéaloideas, go nglacfaimid leis go bhfuil agus
go bhfuil ealaíon ag baint leis an mbéaloideas.
raibh lámh ag
was involved
Nuair a d’fhoilsigh Kevin Myers ar an 19ú Nollag 1989 an bhréag go
raibh lámh ag Traolach Mac Suibhne, athair Mháire, i bplean fuadaithe agus dúnmharaithe Easpag Caitiliceach Chorcaí, ní shásódh aon ní eile Máire Óg, bean na dtrí go leith scór an uair sin, ach iarraidh ar a mac Cathal í a thabhairt i láthair an Uas.
mura raibh baint aici leis
if she wasn’t involved
Cuireadh tús láithreach lena daoradh sna meáin, le tráchtairí áirithe ag maíomh go raibh an neamh-mhothú seo mínádúrtha i máthair a bhí tar éis a leanbh a chailleadh -
mura raibh baint aici leis.
ina leithéid
involved in such
Scil nach beag ag Milosevic, Búistéir na mBalcán,
ina leithéid.
sásta a ladar a chur sa scéal
content to become involved in the matter
Nuair nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta gníomhú i mbealach fónta straitéiseach leis an nGaeilge a chaomhnú, b’fhéidir go mbeadh an Eorap
sásta a ladar a chur sa scéal! Más féidir le Aontas na hEorpa iachall a chur ar Rialtas na hÉireann na portaigh a chaomhnú agus an soláthar uisce a ghlanadh, shílfeá go mbeadh an Bhruiséal in ann iachall a chur ar an Rialtas maidir le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do
the danger involved in permitting
Ina leabhar siúd, *Compulsory Irish: Language and Education in Ireland (Irish Academic Press, 2002)*, chuir an Dr Adrian Kelly an teoiric chun cinn go léiríonn na hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd an chóras oideachais
an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do *“ideology to win over pragmatism in the formulation of policy.
an chontúirt a bhaineann le
the danger involved
Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus
an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
gafa le dream darb ainm
involved with a group
Lonnaithe i sibhialtacht an “*Culture*” tá an chuid is mó de na leabhair
gafa le dream darb ainm “*Contact*” atá mar rannóg faisnéise Culture.
Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist
were two thousand cars involved
Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta 'Éire', 'Ná póg mo thóin' nó 'Gaeltacht bheag an carr seo' a thuiscint.
a bhí sáite
who was deeply involved
Bhí brú ar n’a' haon duine
a bhí sáite i gcúrsaí caide i gCiarraí rud éigint fónta a dhéanamh.
níos mó ná réalta i gceist le
more than stars involved
Ach tá
níos mó ná réalta i gceist le sacar sa ghnáthshaol agus bhain muid an-sult as an scannán ghearr Our Beautiful Game.
ag baint le
involved in
”Agus i gcónaí gcónaí, bíonn cúinsí pearsanta
ag baint le sealbhú teanga mar is eol do Mhuireann ach go háirithe.
i mbun agóidíochta
involved in protest
Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta
i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.
ag plé le cúrsaí polaitíochta
involved with politics
Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige
ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
bainteach leis
involved with
Labhair Caoimhe Ní Laighin le roinnt de na daoine atá
bainteach leis an bhféile drámaíochta Borradh Buan, atá ar siúl i mBaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.
sáite sna drugaí
involved in drugs
Tá fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá
sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.
i mbun feachtas
involved in campaigns
Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige
i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht.
bainteach le
involved in
Bhí Mairéad Bean Uí Ghallchóir, ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, Glaschú, ar dhuine de na daoine a bhí
bainteach le hócáid an mhí seo caite a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí, fear atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge sa chathair ó bhí 1945 ann.
bainteach leis
involved in it
Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár “Ní Gaeilgeoir mé” nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí
bainteach leis.
bainteach
involved
Is í an chúis is mó a bhfuil sí i ndiaidh a bheith
bainteach léi le dhá bhliain is fiche anuas, áfach, ná feasacht a chruthú i leith fhulaingt pháistí Shearnóbail agus is chuige sin a bhunaigh sí The Chernobyl Children’s Project ag tús na nóchaidí.
sáite
deeply involved
Tá Bob Collins
sáite in obair an athraithe go córas digiteach craolacháin faoi láthair.