Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dothreascartha impossible to overthrow, invincible
" Agus níl an Phacastáin ná an Araib Shádach dothreascartha.
dochloíte invincible
" Ach cuimhneoidh daoine atá aois áirithe ar na luathsheascaidí nuair a bhí foireann Thiobraid Árann ("Babs" Céitinn, John agus Jimmy Ó Dúill, Tony de Bhial, agus araile) in ainm is a bheith dochloíte, sé sin go dtí gur bhuaigh Cill Chainnigh orthu i 1967 agus Loch Garman i 1968.
dochloíte invincible
" Tá Cionnaith Mac Craith, Dan Ó Seanacháin, Eoin Ó Ceallaigh, Antaine de Brún, Seán Ó Maoláin agus araile ina n-iománaithe iontacha, iad dochloíte agus iad i mbarr a maitheasa, agus ba bhreá liom dá mbuafaidís Craobh na hÉireann – bheadh sin iontach ar fad, faoi mar a bhí 1996 nuair a bhuaigh Loch Garman.
dosháraithe invincible
" I gcoinne Laoise agus Uíbh Fhailí, bhí siad dosháraithe.
impire dochloíte the invincible emperor
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
dochloíte invincible
" Deir saineolaithe go bhfuil Katie Taylor inchurtha le fear ar bith maidir le scil agus teicníc, agus i ndiaidh a catha i gcoinne Queen Underwood, is léir go bhfuil misneach agus diongbháilteacht dochloíte aici freisin.
Nach mé atá dochloíte I’m the invincible one
" Nach mé atá iontach! Nach mé atá dochloíte!” **Balor:** “A Ardrí Éireann,” a dúirt Balor go breá béasach, “bhí mé an-tógtha leis an aitheasc agus le do bhua ar lucht an airgid Eorpaigh, mar a bhí gach duine ar m’aithne.
réimeas dochloíte invincible reign
" Nach againn a bheas an chraic, a Bhaloir? Beidh mise dolúbtha faoi seo agus beidh mo chuid rialacha dobhogtha agus mo réimeas dochloíte.
dochloíte fós still invincible
" Is beag mórintinneacht atá léirithe acu ach measann siad go bhfuil siad dochloíte fós.
tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin I’m unenticeable, invincible, unmoveable in that regard
" Ní bhainfhidh mé an ghairleog agus tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin.
atá iomlán tarchéimnitheach which is entirely invincible
" Grá, sa chás áirithe seo, atá iomlán tarchéimnitheach.
dochloíte nach mór invincible almost
" D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór.
fianaise chomharthaíoch dhoshéanta invincible indicative evidence
" Tugann siad fianaise chomharthaíoch dhoshéanta.
Cheap mé go raibh sí doscriosta I though her (to be) invincible
" Cheap mé go raibh sí doscriosta.
scannán a bhfuil grá domhain dochloíte a film which has deep invincible love
" Chaith Pat Butler súil ar scannán a bhfuil grá domhain dochloíte agus scoth d’ealaín na haisteoireachta ann, ‘Amour’ le Michael Haneke.