Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scáthlán casta intricate screen
" Sa phíosa *"Celosias" *tá scáthlán casta ina bhfuil míreanna beaga adhmaid atá cearnógach agus fiarthrasna, iad fite fuaite fríd a chéile ar nós píosa ailtireachta Múraí.
achrannach intricate, troublesome
" Is dócha ná a mhalairt go gcuirfear an cheist achrannach seo ar an mhéar fada, agus is baolach gur fáilte Mhic Shearraigh seachas fáilte Uí Cheallaigh a chuirfear roimh shiúlóirí in Éirinn.
snoíodóireacht álainn chasta beautiful intricate carving
" An dealbh is fearr atá faighte go dtí seo ná leac croise atá thart fá thrí mhéadar ar airde, agus snoíodóireacht álainn chasta ar an dá thaobh di.
an dearadh casta the intricate design
" Tá sé cosúil le hiniúchadh géar a dhéanamh ar an dearadh casta atá i *Leabhar Cheannanais*.
chasta intricate
" Tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre.
casta intricate
" Ní mheasaim go bhfuil aon ní i bPlana Gàidhlig Riaghltas na h-Alba a éascódh an caidreamh casta sin idir pobal na teanga mionlaithe agus meicníocht riaracháin na tíre a bhíonn ag freastal don chuid is mó ar ghnásanna an tromlaigh.
chasta intricate
" A cuisle a chloiseann sé ar dtús agus an slupar slapar de leachtanna na colainne a ghluaiseann i dtimthriall chasta ionainn, gach nóiméad den lá.
ilchasta incredibly intricate
" Tá leacht tiubh sa chochla agus ar a hurlár tá structúr ilchasta, ar a ghlaotar Orgán Corti, leis na mílte mionghuairí, ribí gruaige a 'léann', nó a bhaineann adhmad as an minicíocht chasta, phróiseáilte.
chasta intricate
" Pearsantacht chasta dhaonna atá ag Riko.
chasta intricate
" Is foinse mhothúchánach í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú.
casta intricate
" Is é an dara tréith ná is cuma cé chomh géar a fhéachann tú ar mhionphíosa frachtail, bíonn sé fós chomh casta agus chomh garbh is atá an cruth ar fad – ní bhíonn an cruth mín ag aon scála.
casta involved, intricate
" Ba láidir an caidreamh a bhi eatarthu ach bhí sé casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic.
shobhriste chasta intricate and fragile
" Léirigh leabhar Gammage dom go mbíodh bainistíocht talún dheaslámhach ar siúl ag an mhuintir dhúchais leis na cianta agus go mbíodh sí bunaithe ar eolas cuimsitheach faoi éiceolaíocht shobhriste chasta na tíre ollmhóire seo.
casta intricate
" Ach, is deacair glacadh leis an méid a mhaíonn an lucht airgeadais féin, mar atá, gurb iadsan agus an córas casta airgeadais is cúis leis an dul chun cinn mór geilleagair sna tíortha saibhre le daichead bliain anuas.
na mothúcháin casta a ghintear the intricate feelings engendered
" *“Is it an X you put down when you sign for the sub?”* In alt amháin, déanann Mac Amhlaigh cur síos ar na mothúcháin casta a ghintear i gcroíthe na n-imirceach agus iad ag déanamh iarrachta saol a chruthú dóibh féin tar éis dá gcomhphobal dúchasach cliseadh orthu go leanúnach.
casta ceolmhaire intricate and musical
" Feictear sochraidí plódaithe New Orleans go luath, ócáidí casta ceolmhaire nuair a shiúlann lucht an chomhbhróin cúpla mile fiú ón séipéal go dtí an reilig.
scéal casta, spéisiúil an interesting intricate story
" ) le beagnach fiche bliain anuas anois agus is ionann an t-iontas a bhraithim faoin ábhar féin agus faoi gur féidir leis scéal casta, spéisiúil a chur os comhair an leitheora arís is arís eile.
cruth casta ach soléite an intricate but readable shape
" net/uk/use-of-weapons/> Tá cruth casta ach soléite ar an úrscéal seo atá dírithe ar fhear a bhfuil a “Contact” ag iarraidh go dtabharfadh sé faoi oibríocht amháin eile dóibh.
fíorchasta very intricate
" Áiteamh le Déanamh agus Pobal le Treorú =========== Tá an tsochaí caipitil nua-aoiseach fíorchasta, áfach, agus tá go leor féidearthachtaí ag baint leis.
casta ilghnéitheacha intricate and diverse
" Cé go mbaineann an leabhar le scéalta casta ilghnéitheacha Uí Chadhain, cuireann de Paor níos mó suim sna léitheoirí ná sa scríbhneoir féin ar uairibh.
dhéanann iarracht smaointí casta a scagadh attempt to examine intricate ideas
" Is é an príomhdhúshlán a dhéanann tinneas do shaineolaithe cosúil le Schama ná an dúshlán a leanann daoine a dhéanann iarracht smaointí casta a scagadh le téarmaí simplí.
thar a bheith casta very intricate
" Owenvarragh ======== Ar na rudaí is mó atá déanta ag Úna, tá saothar dar teideal Owenvarragh, píosa thar a bheith casta bunaithe ar theimpléid de chuid John Cage, ____,____ ____ circus on ____ (ní meancóg é seo!) Chruthaigh Cage é féin Roaratorio, An Irish Circus on Finnegan’s Wake agus chruthaigh Úna agus an fidléir Chicago-ach Martin Dowling atá ina léachtóir , Owenvarragh, A Belfast Circus on the Star Factory.