Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fite fuaite sa stát firmly interwoven in the state
" Tá an mheánaicme Phrotastúnach fite fuaite sa stát maidir le hairgead agus postanna.
fite fuaite interwoven
" Óg agus aosta fite fuaite i sruth nua forbartha i gceantar Charna mar sin? Sea, ar go leor bealaí.
fite fuaite le cultúr an phobail interwoven with the culture of the community
" Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.
fite fuaite ina chéile firmly interwoven
" Tá an dá oidhreacht fite fuaite ina chéile agus bíonn siad ag streachailt lena chéile in amanna.
fite fuaite interwoven
" Creidtear go bhfuil scéal Phallaidigh agus scéal Phádraig fite fuaite ina chéile agus gur deineadh pearsa amháin den bheirt le himeacht aimsire.
fite fuaite fríd a chéile interwoven through other
" Bhí daoine ‘na gcónaí anseo i bhfad sular bheartaigh ’n duine sráideanna a thógáil agus níl na sráideanna sin leagtha amach ar bhealach dronuilleogach mar atá i ngach áit eile i Manhattan, ach bóithre atá fite fuaite fríd a chéile, a dhéanann a gcomhairle féin, cheapfá.
fite fuaite interwoven
" ” Is ábhair spreagtha ag Doherty an Ghaeilge, béaloideas, stair agus logainmneacha Ghleann Cholm Cille agus tá siad le feiceáil fite fuaite ina shaothar.
crosghearrtha interwoven
" Bhíodar crosghearrtha le seanghrianghrafanna dubha agus bána na beirte.
de dhlúth is d'inneach interwoven aspect of
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
fite fuaite interwoven
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
héagóracha atá fite fuaite injustices which are interwoven
" Cáineadh Eorpach ====== Tá na héagóracha atá fite fuaite i gcóras inimirce na hÉireann tugtha faoi deara ag eagraíochtaí lasmuigh den tír, leis.
fite fuaite ina chéile tríthe interwoven through it
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
tá a shaol fite fuaite le his life is interwoven with
" Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tá a shaol fite fuaite le Coláiste Lurgan ó shin.
fite fuaite i interwoven with
" Tá an ceannach agus an bhreabaireacht fite fuaite i saol polaitiúil agus oifigiúil na tíre.
a bhfuil a stair chomh fite fuaite lena chéile their history so interwoven
" Deir siad go bhfuil difríochtaí cinnte idir Albain agus Sasana ach sa deireadh cé mhéad tíortha atá chomh cosúil lena chéile agus a bhfuil a stair chomh fite fuaite lena chéile.
fite fuaite leis an dúlra interwoven with nature
" Ina leabhar *The Healing Power of the Human Voice* (2005) meabhraíonn James D’Angelo dúinn go bhfuil an nádúr daonna fite fuaite leis an dúlra agus cá hionadh mar sin éifeacht amhrán na farraige is na gaoithe orainn, cantain na n-éan agus mar sin de.