Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí interfering in their affairs
" Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí.
gan a ladar a chur sa scéal. not to interfere in the story.
" Tá rabhadh tugtha ag Bainimarama do thíortha eile an réigiúin gan a ladar a chur sa scéal.
ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, interfering with the freedom of the citizens of the country,
" Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc.
ag cur isteach ar an amhrán interfering with the song
" Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois.
cur isteach ar an gheilleagar, interfere with the economy,
" Cheap na hairgeadaithe nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, seachas laghdú dífhostaíochta.
agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh and that nothing interfered with the landing of the spacecraft
" Tá a fhios againn anois gur éirigh go han-mhaith le Phoenix agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh.
chuir siad a ladar isteach sa scéal. they interfered with things
" Bhí go leor airgid acu – bhí leithéidí Frankie Goes to Hollywood i measc a gcuid cliant – ach níor thug siad aon tacaíocht dúinn agus chuir siad a ladar isteach sa scéal.
gan cur isteach ar not to interfere
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
dtagann reacht éigin salach ar some act interferes with
" Fés na rialacha a fógraíodh i 1937, níl cead ag aon bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach aon ghearán poiblí a dhéanamh ó thaobh chinneadh an mhóraimh sa chúirt sin i gcás bunreachtúil nuair a dhéantar gearán go dtagann reacht éigin salach ar Bhunreacht na hÉireann.
ag cur isteach ar a gcumas le díríu interfering with their ability to concentrate
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
cur isteach ar interfere with
" Uaireanta is féidir le hoideachas ardléinn cur isteach ar fhorbairt nádúrtha na pearsantachta.
a chur isteach go tubaisteach ar who interfered disastrously with
" B’eisean, dar leo, an duine a chur isteach go tubaisteach ar na comhdhálacha príobháideacha a bhí ar siúl i gcónaí idir ceannaire Katanga, Moise Tshombe agus ceannairí an Rialtais Lárnaigh sa Chongó.
cur isteach orthu interfere with them
" Faoi Choim na Gaeilge ======= Scríobhadh Cruise O Brien abhaile gach seachtain dá bhean chéile, Máire Mhac an tSaoi, agus b’éigean dó a chuid litreacha a bhreacadh as Gaeilge ionas ná féadfadh cinsirí áitiúla cur isteach orthu.
nár chóir don rialtas cur isteach ar government ought not interfere with
" Cheap siadsan nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, in ionad a chur ar laghdú dífhostaíochta.
cur isteach ar dhaoine interfering with people
" Tréimhse an heavy gang, tréimhse na cinsireachta, éisteacht le glaonna gutháin, cur isteach ar dhaoine.