Dúirt Norrissa, agus eisean ag caint faoi rún chomh maith le Balor, gurbh é an post ab ansa leis ar domhan, ar thrí chúis: go mbeadh sé mar Ionadaí na Banríona ina chónaí san Áras; nach mbeadh air cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim le bheith
insealbhaithe ann; agus nár ghá dó aitheantas ar bith a thabhairt do Laochra Éirí Amach na Cásca nuair a bheidh an comóradh ann i 2016.