Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin -
foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.