An dtabharfá “dea-scríbhneoireacht” nó “fóram” nó “díospóireacht chultúrtha” ar shaothar Ní Dhuibhne? Thabharfainn féin – cé nach ionann a fóram nó a díospóireacht nó a dea-scríbhneoireacht agus cur chuige Liam Mhic Cóil, údar eile sa chnuasach seo léachtaí, nó dearcadh Phádraig Uí Chíobháin a bhfuil alt aige dar teideal “An Treasruathar Turgnamhach: Féinspléachadh Údair ar
a Ionchur i bPróslitríocht a Linne”.