Caithfear a rá gur eagraíocht nuála a bhí i nGael Linn san am, (nílim á rá nach bhfuil i gcónaí), ach siar san am sin, fadó, bhí siad chun cinn ar a lán slite maidir le teicneolaíocht na linne a úsáid ar mhaithe le cuspóirí dá gcuid a bhaint amach i réimsí an cheoil, na scannánaíochta agus an spóirt trí mheán na Gaeilge.
B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.