Cén fáth go mbeadh muid ag iarraidh ‘na cáipéisí dlíthiúla ar fad’ a bhaineann leis an AE a bheith aistrithe go Gaeilge? Cé léifeadh na cáipéisí céanna? Státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, gan ach codán an-íseal acu
inniúil ar an nGaeilge?
Postanna do na Gaeilgeoirí sa mBruiséil
===============
Maíonn an Conradh go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa ‘103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 ceann aonaid’ breise a earcú le dul ag obair leis an Aontas Eorpach, dá dtabharfaí an stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge, gan aon mhaolú.