Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
instealladh injection
" Níl sé neamhghnách do dhuine 15 instealladh a thabhairt dó féin in aghaidh an lae, agus costas de thart ar €40 an ceann orthu.
instealladh díocais injection of enthusiassm/keeness
" Dá ndéarfadh duine, 'Beidh séasúr drámaíochta ar siúl i mí na Samhna gach aon bhliain nó i mí Aibreáin gach aon bhliain, agus beidh cúig cinn de dhrámaí Gaeilge ar siúl', cuir i gcás sa Phéacóg, dob fhéidir, dar liom, lucht na Gaeilge a thabhairt le chéile nó fuinneamh nó instealladh díocais éigin a chur isteach iontu.
an t-uafás instealltaí a lot of injections
" Fuair mé an t-uafás instealltaí anuraidh – caithfidh nach bhfuil aon vacsaíniú taistil fágtha nach bhfuil agam cheana féin! – mar sin, ní raibh orm ach teanndáileog a fháil an babhta seo do Heipitíteas A agus B agus teist fola chun a chinntiú gur oibrigh sí.
instealladh inspioráide injection of inspiration
" Tiocfaidh cuid den neart agus den instealladh inspioráide a bheidh ag teastáil sna blianta amach romhainn ó Ghaeilgeoirí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht agus ar fud an domhain.
snáthaid na nimhe the poison injection
" Deirim ‘tugadh’ ach dúmhál a bhí ann – tréidlia é mo dheartháir cleamhnais agus dúradh linn nach raibh de rogha ag an phuisín bheag gan ainm, ach tigh s’againne nó snáthaid na nimhe agus an codladh síoraí.
biorán réadaithe an injection/a touch of reality
" Thabharfainn péire glais lámh do Phaul Galvin, biorán réadaithe do fhoireann Dhún na nGall agus dá gcuid bainisteoirí líonmhara agus an ráta íosphá don GPA.