An rud a cheanglaíonn na scríbhneoirí Béarla thuasluaite ná go mbunaíonn a bhformhór acu na carachtair ón Lucht Siúil ar allagar réamhbhunaithe, allagar foirmleach, réamhluaite a bhfuil athrá agus athdhéanamh déanta air ó ghlúin litríochta amháin go glúin eile.
Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu.
nach bhfuaireadar faic trí oidhreachtthey didn’t inherit anything
An Fhírinne á Nochtadh
========
Sa leabhar *Debt: The First 5,000 Years* le David Graeber (Melville House, 2011) faighimid léargas eile ar na Ridirí Fáin agus ní uasal ach uiríseal amach is amach ab ea iad, más fíor! Ba mhinic ina dtuilithe ag na mionuaisle iad agus nuair nach bhfuaireadar faic trí oidhreacht cad a bhí le déanamh acu ach an bóthar a bhualadh.