Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go smior inti deeply ingrained in her
" Tá na luachanna sin go smior inti; is amhlaidh gur oibrí deonach í go fóill.
go smior ann ingrained in him
" Tá daoine den tuairim nach ball den chine dhaonna é Fritzl de dheasca na truaillíochta a bhí go smior ann, ach go deimhin, is é an fáth a gcuireann cás Friztl a oiread uafáis ar dhaoine ná go bhfuil sé ina bhall den chine dhaonna.
chomh dlúth ingrained
" Níl coincheap na húinéireachta chomh dlúth sa chultúr Síneach ach an oiread.
ina dhlúth is ina innéach as an ingrained part
" Ní léifear alt fiúntach nó ní bhreathnófar clár faisnéise mura mbeidh samhlaíocht, ealaín ar leith agus boige fíoras ina dhlúth is ina innéach.
bhfuil an dúchas go smior ann he has a native streak ingrained (as a ...
" Is cosúil go bhfuil an dúchas go smior ann mar chumadóir a chumann as an nua go nádúrtha gan mórán stró a chur air féin agus ní rud éasca é an chumadóireacht! ‘Meiriceá’ ==== Is iomaí téama a bhíonn idir lámha ag an ghrúpa, an imirce ina measc agus labhraíonn sé faoin amhrán, Meiricea.
go dlúth ina hanam ingrained in her soul
" Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo.
go smior ann ingrained
" Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann.