Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead
a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo
a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.