Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chaidreamh Tionsclaíoch Industrial Relations
" Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
an Réabhlóid Tionsclaíoch the Industrial Revolution
" Tharla an Réabhlóid Tionsclaíoch sna 1840í ag an an am céanna leis an nGorta Mór in Éirinn, mar sin bhailigh na hÉireannaigh leo ina sluaite go cathracha na Breataine.
gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach the infamous industrial action
" Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.
heastáit tionsclaíochta industrial estates
" Tá na heastáit tionsclaíochta sna Gaeltachtaí á mbualadh go láidir toisc go bhfuil siad ag brath ar thionscail thraidisiúnta, mar shampla éadaí agus earraí leictreacha, dá gcuid postanna.
Bhord Forbartha Tionsclaíoch Industrial Development Board
" Nuair a chuir Raytheon fúthu i nDoire i 1999 fuair siad airgead ón Bhord Forbartha Tionsclaíoch nó an IDB.
eastát mór tionsclaíochta big industrial estate
" Cé gur áit nua-aimseartha é ina bhfuil óstáin, díoscónna, ollmhargaí agus eastát mór tionsclaíochta, labhraíonn cuid mhór daoine an Ghaeilge go fóill ann.
eastát tionsclaíochta industrial estate
" Fostaíocht ======= Tháinig feabhas ar chúrsaí fostaíochta ar an gCeathrú Rua sna seachtóidí, nuair a thóg Údarás na Gaeltachta eastát tionsclaíochta ar an mbaile.
mheánphá tionscail na linne the average industrial wage of the time
" De réir tuarascála de chuid an Choimisiúin, i 1996/97 bhí iascairí na hÉireann ag tuilleamh thart ar £13,890 sa bhliain, sin go mór faoi bhun mheánphá tionscail na linne, £17,000.
mioneastát tionsclaíoch small industrial estate
" Is Gaeltacht é Cléire, mar sin tá mioneastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta ann agus tá bothán de chuid Ráidió na Gaeltachta ann fosta.
tionsclaíoch industrial
" Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú.
Eastát tionsclaíochta industrial estate
" Eastát tionsclaíochta atá ann in Ellesmere Port ar leithinis Wirral, ar an taobh eile d'abhainn an Mersey ó Learpholl.
ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta enquiring about the building of industrial estates
" Baineann cuid mhór de na costais leis an achar ama a chaitheann ball den bhord as baile, ag dul chuig cruinnithe agus araile; nó i gcás an cheathrair thuas, ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta ar Mhars agus áiteanna eile i bhfad ó bhaile.
fíorthionsclaíoch very industrial
" Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar Ostrava, cathair a bhí fíorthionsclaíoch le linn na ré sin, ach atá anois in ísle brí; tá monarchana móra atá anois dúnta scaipthe go flúirseach ar fud an cheantair agus thart ar 20% den daonra dífhostaithe.
eastát tionsclaíoch industrial estate
" Monarcha ar thaobh sléibhe ======= An chéad áit eile a raibh mé ann ná monarcha in eastát tionsclaíoch ar thaobh sléibhe ar imeall Bhéal Feirste.
ionaid tionscalaíochta agus ghnó industrial and business centres
" I gcás cuid mhaith díobh sin, tá a n-ionad oibre i mBaile Átha Cliath, i lár na cathrach nó i gceann éigin de na hionaid tionscalaíochta agus ghnó atá scaipthe ar fud mhór-réigiún uirbeach na príomhchathrach.
ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha from early industrial structures
" Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.
in aois na tionsclaíochta in the industrial age
" Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoi “mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor” in aois na tionsclaíochta.
scoil tionsclaíoch industrial school
" Ba scoil tionsclaíoch tráth an coláiste ina raibh sé ach ní raibh na scéalta faoi bhrúidiúlacht na n-institiúidí sin ar eolas ag mórán de phobal na hÉireann ag an am.
cathracha tionsclaíocha industrial cities
" An gcreideann muid i ndáiríre go mbeidh an oiread céanna turasóirí ag tarraingt ar an tír seo má leantar leis an lot atá á dhéanamh ar cheantair ardáilleachta? Bhíodh Gearmánaigh, Meiriceánaigh agus Sasanaigh ag tarraingt ar an tír seo ar mhaithe leis an spás agus le ceantair sáráilleachta nádúrtha a fheiceáil a raibh codarsnacht mhór eatarthu agus na cathracha tionsclaíocha ónar fáisceadh iad.
eastát tionsclaíochta industrial estate
" Isteach linn (mise, Rossa agus Oki) sa charr agus as go brách linn go domhan na soilse lonracha i stiúideo TV3 ar eastát tionsclaíochta Ballymount.
innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones the Dow Jones industrial average index
" Dhá lá ina dhiaidh sin, dhún na stocmhalartáin i Meiriceá agus innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones thar 12,000 den chéad uair riamh.
na bailte beaga tionsclaíocha the small industrial towns
" Go tobann, bhí lucht féachana ag an gcluiche seo taobh amuigh de na bailte beaga tionsclaíocha inar imríodh é.
eastát tionsclaíoch industrial estate
" Ní raibh sé ródheacair post a fháil, mar bhí eastát tionsclaíoch cóngarach dóibh.
caidreamh tionsclaíoch. industrial relations.
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
eastát tionsclaíoch. industrial estate
" Sampla maith de na grúdlanna nua seo is ea grúdlann Cricket Hill, atá suite deich míle uaim in Fairfield Nua-Ghéirsí ar eastát tionsclaíoch.
maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch pertaining to industrial relations
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
mbonneagar thionscal industrial infrastructure
" Sa tuarascáil sin, ‘Tuar Fuinnimh an Domhain’, dúirt Fatih Birol, arb é an príomheacnamaí leis an GIF é, gur féidir le ‘buaic na hola’ teacht chugainn chomh luath le 2020 mura ndéanfar infheistíocht ollmhór i mbonneagar thionscal na hola.
tionsclaíoch ollmhór massive industrial
" Tá samplaí dá shaothar le feiceáil in Angel of the North, an figiúr tionsclaíoch ollmhór a amharcann síos ar an A1 ag Gateshead i Sasana agus Another Place - céad figiúr múnlaithe as miotal a amharcann amach ar an fharraige ó thrá Crosby.
tionscail industrial
" 5% mar cháin tionscail é, agus bhí an ceart againn sa mhéid sin.
thionsclaíoch industrial
" Tá réabhlóid thionsclaíoch ar siúl sa tír agus tá éabhlóid shóisialta ag gabháil leis, faoi mar a tharla ar fud an domhain.
Tionsclaíoch industrial
" org/wiki/Jonathan_Pollard) De réir Claudia Wright, údar Spy, Steal, and Smuggle: Israel's Special Relationship with the US, is cosúil gur íocadh Pollard as an bhFondúireacht Dénáisiúnach um Thaighde agus Forbairt Tionsclaíoch.
Tionsclaí industrial
" Ó aimsir na Réabhlóide Tionsclaí i leith, tá na geilleagair is mó bunaithe ar an charbón.
Thionsclaíoch industrial
" Ón Réabhlóid Thionsclaíoch ar aghaidh, thógamar sochaí agus geilleagar atá go hiomlán spleách ar an ola.
chaidreamh tionscail industrial relations
" Bhain Gillard céim amach sa dlí agus chaith sí tréimhse ag obair mar dhlíodóir san earnáil chaidreamh tionscail sular thug sí aghaidh ar chúrsaí polaitíochta.
tionsclaíocha industrial
" Éiríonn na ceimiceáin chéanna níos tiubhaithe ar a dturas suas an biashlabhra, agus is baolach go bhfillfidh ár nimheanna tionsclaíocha ar ais ar an bpláta chugainn, mar go minic is ann a chríochnaíonn na biashlabhraí céanna.
thionsclaíoch industrial
" Aicmí, Cogadh agus Teacht na Teilifíse ================= Gan aon amhras ba í an réabhlóid thionsclaíoch ba chúis leis an chéad athrú i lár an naoú céad déag.
réabhlóid an tionscail the industrial revolution
" Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre an-lag ar bhonn náisiúnta anseo.
tionscail industrial
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
réamhthionsclaíoch pre-industrial
" Bhí áiteanna iargúlta sna seascaidí a raibh saol traidisiúnta réamhthionsclaíoch ag na daoine.
meán na náisiún tionsclaithe the industrial nations' average
" 2 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre, i gcomórtas le meán na náisiún tionsclaithe ar a dtugtar na tíortha G8, atá ag 80 faoin gcéad dá n-olltáirgeacht intíre.
Aighneas tionsclaíoch industrial dispute
" Aighneas tionsclaíoch agus caillteanais throma a ba chúis le druidim an chomhlachta C-Plast ar an Spidéal, áit ar chaill 34 duine a gcuid postanna.
fanta sa ré réamhthionsclaíoch still in the pre-industrial era
" Ní raibh i gcaint an chuairteora Shínigh ach plámás na taidhleoireachta, ach mar sin féin, chuir ráiteas Xi ag meabhrú mé ar an chaoi a ndearna geilleagar na tíre seo a bhealach isteach sa nua-aois, agus ar an tSín féin, a bhfuil leathchos amháin aici sa nua-aois agus cos eile fanta sa ré réamhthionsclaíoch.
tírdhreach tionsclaíoch industrial landscape
" Nuair a smaoiníonn daoine ar ealaín sna mórbhailte agus sna cathracha i dtuaisceart Shasana, cuimhneoidh siad gan amhras ar chuid de shaothar LS Lowry(1887-1976), inar tharraing sé an tírdhreach tionsclaíoch in áiteanna mar Salford, cóngarach dá theach féin i Pendlebury, Manchain.
tionsclaíoch industrial
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
ceantair thionsclaíochta industrial areas
" Cothrom an ama seo ceithre scór bliain ó shin, tharraing breis is 500 siúlóir as ceantair thionsclaíochta i Manchain agus i Sheffield ar Kinder Scout i gCeantar na gCruach, Derbyshire.
an earnáil tionslaíochta agus tráchtála the industrial and commercial sector
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
bhonneagar na tionsclaíochta seo this industrial infrastructure
" D’eascair an borradh teicneolaíochta agus an timpeallacht nua oibre seo ó na hathruithe a tháinig ar bhonneagar na tionsclaíochta seo.
dúichí tionsclaíochta tógtha industrial estates built
" Bhí dúichí tionsclaíochta tógtha ag Gaeltarra i nGaoth Dobhair agus ar an gCeathrúin Rua agus na céadta de mhuintir na Gaeltachta fostaithe cheana iontu.
le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha to set about industrial action
" Nuair a bhí cainteanna Pháirc an Chrócaigh II ar siúl, fuair ceardchumainn na múinteoirí – na trí cinn acu – údarás ó na baill le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha dá mbainfí oiread is pingin rua óna dtuarastal.
eastáit tionsclaíoch líneach go luath linear industrial estates shortly
" San áit a bhfuil fiántas anois beidh eastáit tionsclaíoch líneach go luath.
na timpistí tionsclaíocha is measa the worst industrial accidents
" Cén caighdeán sábháilteachta atá ag na tíortha eile seo? Is tíortha iad seo ina mbíonn na timpistí tionsclaíocha is measa – sna mianaigh agus sna monarchana go háirithe.
dheineas Ceimic Thionsclaíoch I did industrial chemistry
" **CB: Eachtraigh dom beagáinín fé do thréimhse san ollscoil?** DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach.
deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch to end the industrial action
" Bealach Éalaithe ======== Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann bealach éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna.
i sochaí tionsclaíochta in an industrial society
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
Tionsclaíoch industrial
" Ó lár an 19ú haois bhí an Réabhlóid Tionsclaíoch ag claochlú na gcathracha.
meántuarastal tionsclaíoch average industrial wage
" €34,000, is é sin, an meántuarastal tionsclaíoch.
aighneas tionsclaíoch industrial dispute
" Tá ceisteanna tromchúiseacha i bhfolach san aighneas tionsclaíoch sa Roinn Talmhaíochta, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
scoil thionsclaíoch industrial school
" Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.