Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dochreidte incredible
" Tá toradh dochreidte na hoibre sin le feiceáil anois sa mhéid is go bhfuil 141 bunscoil agus 34 iar-bhunscoil ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
dílseacht dhochreidte incredible loyalty
" Tá sé tábhachtach a aithint chomh maith go bhfuil daoine ag plé leis an ngaelscolaíocht ar bhonn deonach den chuid is mó agus go bhfuil dílseacht dhochreidte ag an-chuid daoine don eagraíocht agus don ghluaiseacht, cé nach bhfaigheann siad pingin as.
dochreidte incredible
" Ach an rud atá dochreidte faoi sin ná go nglacann an Chomhairle fosta le trádáil na n-arm! Cad é a shíleann siad atá na Meiriceánaigh ag scaoileadh san Iaráic? Bláthanna?" *Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
scóranna dochreidte incredible scores
" Cluiche eile a bhí iontach ná Loch Garman agus Uíbh Fhailí i gcluiche leathcheannais Laighean i 1996, cluiche a bhuaigh Loch Garman ach ar imir Uíbh Fhailí go hiontach ann freisin - bhí scóranna dochreidte i gceist agus iomáint den scoth.
líon dochreidte dealbh an incredible number of statues
"líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
luas dochreidthe incredible speed
" Meallann traidisiún, draíocht, agus atmaisféar na n-ócáidí iad, gan trácht ar ndóigh ar scileanna agus luas dochreidthe na hiomána nuair a bhíonn sí á himirt ag na himreoirí is fearr.
dhochreidte incredible, unbelievable
" Céard faoi ionsaí beag a dhéanamh ar an sean-namhaid sa Muir Chairib, mar sin, agus madaí an chogaidh a chur ag tafann arís ar fud na Stát Aontaithe? Teoiric amaideach agus dhochreidte, a deir tú? Ní cheapann Castro é sin.
uacht dhochreidte an incredible legacy
" D'fhág sé uacht dhochreidte ina dhiaidh, a dhaingníonn a sheasamh mar dhuine de laochra stair na healaíne.
dochreidte incredible
" Tá cur síos dochreidte sa leabhar ar an chamastaíl a ghabh le hobair na nGardaí i nDún na nGall agus is minic go raibh an bhiotáilte fite fuaite ann.
dochreidte incredible
" “Cad é an focal Iodáilise ar ‘dochreidte’?” a d’fhiafraigh mé de.
dochreidte incredible
" Tá cur síos dochreidte sa leabhar ar an chamastaíl a ghabh le hobair na nGardaí i nDún na nGall agus is minic go raibh an bhiotáilte fite fuaite ann.
athruithe dochreidthe incredible changes
" Má thógaimid tréimhse ceathracha bliain, ó lár na seascaidí i leith cuir i gcás, tá athruithe dochreidthe feicthe ag cuid againn.
dochreidte incredible
" “Bhí an oiread sin rudaí le déanamh ag an tús … Bhí sé dochreidte.
dochreidte incredible
" Is cuimhin liom gur tháinig cailín aníos chugam – is ceoltóir dochreidte í féin – agus gur dhúirt sí, ‘I’m really disappointed with you’.
dochreidte incredible
dochreidte incredible
" Sin an rud a rinne muid agus bhí ceithre bliana dochreidte, iontacha agam ann.
dochreidte incredible
" Bhí sé cosúil le bheith ag breathnú ar chlár de chuid David Attenborough! Is páirc thar cionn é Etosha – tá áiseanna maithe inti ach tá sí fiáin go leor mar sin féin, agus tá sé dochreidte an méid ainmhithe atá ansin.
sa mhór-roinn dhochreidte sin, in that incredible continent,
" Agus b’in mar a rinne mise agus mé sa Mhaláiv, an tír dheireanach ar thug mé cuairt uirthi sa mhór-roinn dhochreidte sin, an Afraic.
dochreidte incredible
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
dochreidte incredible
" ” Deir Nicholas go bhfuil sé dochreidte an méid ceoil thraidisiúnta atá ann i dtír chomh beag le hÉirinn.
dochreidte incredible
" An rud atá dochreidte ná nach raibh Maighread ach cúig bliana déag ag an am agus nár chaith siad ach cúpla uair an chloig ar an taifeadadh.
dochreidte incredible
" Toisc nach mbíonn solas (nó cumhacht aibhléise) ar bith ar siúl tar éis a deich a chlog, agus nach mbíonn mórán feithiclí ar na bóithre, bíonn na réaltaí dochreidte – téann siad an bealach ar fad go dtí bun na spéire, agus uaireanta bíonn siad chomh geal gur féidir iad a fheiscint in uisce na lochanna.
bhí an radharc dochreidte. the view was incredible
" Thuig mé ag an bpointe sin go mbeadh siúl an lae maslach go maith, ach thuig mé leis gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid mar go raibh an taobh sin tíre go hálainn agus cheana féin, bhí an radharc dochreidte.
dochreidte incredible
" Tá tallann dochreidte aige – b’fhéidir nach raibh aon imreoir snúcair inchurtha leis ann riamh.
dochreidte incredible
t-uafás airgid an incredible amount of money
" Gan amhras ar bith, fágann na lochtanna seo go gcuirtear an t-uafás airgid amú agus nach gcuirtear seirbhís fheidhmiúil ar fáil don phobal.
as cuimse incredible
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
tslua bhocht incredible amount
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
dochreidthe incredible
" Bhí cuid mhaith de mo chuid cairde ar Bhebo, Myspace agus ar a leithéid le tamall, agus bhí brú dochreidthe orm próifíl a chur suas ar cheann acu.
dochreidte incredible
" Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l'après-midi d'un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte.
dochreidte incredible
" Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l'après-midi d'un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte.
fiánta wild, incredible
" Cad chuighe a bhfuil an dearcadh sin acu? Tá athrú fiánta ann.
t-uafás incredible amount
" B’fhéidir nach dtabharfadh sé an t-uafás isteach.
dochreidte incredible
" An scéal úntach, tá guthú Morgan Freeman dochreidte ar fad, ag rith tríd ar fad, agus ansan tá Andy Dufresne é féin, Tim Robbins, dhein sé an pháirt sin go húntach ar fad.
diabhalta incredible
" Nach diabhalta é sin! Tá mionsonraí na huirlise seo, an iPad, gan locht ón méid a chonaic mé sa fhiseán den eocharchaint ach ná bígí ag ceapadh gur ríomhaire glúine nó uirlis cumarsáide ar nós an iPhone atá ann.
tionchar as cuimse incredible effect
" Dúradh go raibh tionchar as cuimse ag na Anzacs ar fhorbairt na hAstráile.
áiféiseach incredible
" Ach thug siad ár ndúshlán agus chuaigh siad ar aghaidh leis, rud a bhí scannalach agus áiféiseach.
síoraí incredible
" Nach iontach é go dtiocfaidh na slóite síoraí amach ar na sráideanna lena bhféiniúlacht chultúir a léiriú, ach arbh’fhearr leo a bheith ag breathnú ar Neighbours ar an teilifís ná léirsiú in éadan na gciorruithe seo a fhágfaidh na slóite ar an ghannchuid.
b’éacht as cuimse an incredible feat
" Bhí ardmheas air mar imreoir agus mar bhainisteoir agus b’éacht as cuimse é a sheal mar imreoir agus mar bhainisteoir ag an am céanna le foirne club agus le foireann Phoblacht na hÉireann.
éachtach incredible
" Cnuasach de 150 grianghraf le Frank Hurley atá ann, agus insíonn sé scéal éachtach an taiscéalaí Ernest Shackleton agus é ar turas go dtí an tAntartach 1914-1916 ar bord na loinge Endurance.
dochreidte incredible
" Féach mar shampla an bailiúchán seo de cheisteanna is de fhreagraí dochreidte.
saibhreas aisteach incredible wealth
" An saibhreas aisteach Gaeilge sin a tharraing scoláirí isteach an taobh tíre sin le casadh leis na sárchainteoirí, John hInnéirí agus Seán Ó Dochartaigh (Pumps) i gCill Ghallagáin, Johnny Burns, Stanton agus daoine nach iad, grásta ó Dhia orthu, caithfidh sé go dtuigeann tusa an cailleadh saibhris atá ag imeacht le gach glúin mar sin agus an gcuireann sé cumhaidh ort?** BNC: Cuireann.
dochreidte incredible
" “Tá sé sin dochreidte,” arsa Michael D.
pheiriúc dochreidte incredible wig
" Sar i bhfad bhí Donald Trump agus a pheiriúc dochreidte le feiceáil ar scáileáin teilifíse Mheiriceá, go háirithe nuair a chuir sé tús le sraith teilifíse réaltachta "The Apprentice" i 2004.
deiseanna dochreidte incredible opportunities
" ”
 Mar gheall ar na cúrsaí seo uilig, a dúirt Collins, chreid sé nach raibh na hathruithe seo sa tírdhreach craoltóireachta *“internalised”* ag muintir na tíre ainneoin go bhfuil a fhios againn go bhfuil siad tarlaithe cheana nó ar tí tarlú ach tá sé daingean fosta go gcruthóidh na teicneolaíochtaí craoltóireachta úra seo deiseanna dochreidte maidir le cúrsaí oideachais agus oiliúna.
dhochreidte éagosúlacht an incredible distinction
" Ba dhochreidte éagosúlacht na siopaí sofheicthe allúracha (na siopaí Briotanacha san áireamh) le hais an mhargadh faoin aer a reáchtáltar sna cúlsráideanna, gar do na hionaid siopadóireachta.
dochar as cuimse incredible damage
" Míshásamh ===== Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil, chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.
funneamh aisteach an incredible energy
" Bhí funneamh aisteach le sonrú sa scéal sin, fuinneamh a bhí le brath ar scríbhneoireacht Kerouac trí chéile.
constaicí loighice agus dothuisceana incredible and logical obstacles
" Táim féin den tuairim gurb iad foighde agus stuacacht na tréithe is mó atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir: foighde chun chur suas le cliaint dúra cosúil liomsa agus stuacacht chun leanúint leat i gcoinne constaicí loighice agus dothuisceana a bhíonn, go minic, féinchruthaithe.
an aithris scanrúil sin that incredible take off
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
iarracht rúndiamhra an incredible effort
" An Buille Scoir ====== Sa tríú cuid, déanann seaniníon Stephen iarracht rúndiamhra an chogaidh a thuiscint caoga bliain níos déanaí.
Dochreidte ar fad absolutely incredible
" Th’anam ’on diabhal! Dochreidte ar fad.
an spéis as cuimse seo this incredible interest
" ) Liodán na mBuntáistí ========== Ach cén fáth go bhfuil an spéis as cuimse seo ann? Tá níos mó ná fáth amháin: 1.
Tá borradh as cuimse there’s an incredible growth
" Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh le sonrú ó shin i leith.
sin rud mór millteach that’s something incredible
" Thar aon rud eile, léiríonn sé gur teanga bheo atá inti agus sin rud mór millteach.
fás as cuimse faoi an incredible growth in
" Tháinig fás as cuimse faoi na comhlachtaí airgeadais féin.
fás aisteach incredible growth
" **SMM: Chonaic tú an tOireachtas ag athrú in imeacht na mblianta le fás aisteach faoi ghnóthaí damhsa.
an t-athrú as cuimse the incredible change
" Luaigh mé thuas an t-athrú as cuimse atá tagtha ar chúrsaí inimirce lenár linn abhus.
bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta based on his incredible writing
" Bhain sé an cháil sin amach fé dheireadh, ach cáil ab ea é a bhí bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta in ionad a bheith bunaithe ar a chuid éachtaí taidhleoireachta.
Is diabhaltaí an stuf é seo this is incredible stuff
" ” “Is diabhaltaí an stuf é seo,” arsa fear na gruaige duibhe agus an dá shúil ar bior ina cheann.
feictear samhaíl mhillteanach de an incredible resemblance (of himself) is seen
" Taobh istigh d’achan ‘chillín’ acu feictear samhaíl mhillteanach de Ai Wei Wei, dingthe isteach sa spás beag agus é faoi scrúdú leanúnach ag beirt de lucht a ghabhála.
Is iontach an rúndacht it’s incredible the secrecy
" Is iontach an rúndacht a bhaineann leis na hairm seo agus táim cinnte gur iomaí scéal scanrúil atá fós le sceitheadh.
cumas aisteach ann chun aithne a chur ar an incredible ability to get to know
" Ní hamháin go raibh bua na fáistine ag Cheiro ach is léir go raibh bua na cainte agus cumas aisteach ann chun aithne a chur ar dhaoine cáiliúla a linne.
ar iarracht dochreidte on an incredible attempt
" Bheadh sé mar sméar mhullaigh ar iarracht dochreidte a bhí déanta ag pobal agus is dóigh liom go raibh pobal na Gaeltachta ar fad tugtha linn againn an uair sin.
méid as cuimse an incredible amount
" D’áitigh siad go raibh méid as cuimse Éireannach i measc coirpigh na cathrach ach ag an am céanna gurb iad ba mhó a bhí ag fáil íocaíochtaí fuascailte.
a mhúscail spéis as cuimse which aroused incredible interest
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.
fás as cuimse an incredible growth
" Tugtar ‘feiceálacht teanga’ nó ‘linguistic landscape’ i mBéarla ar an léiriú poiblí teanga seo agus tá fás as cuimse tagtha faoin staidéar atá á dhéanamh ar an ngné seo ‘feiceálacht teanga’ ar fud na cruinne, go háirithe i réimse na sochtheangeolaíochta.
is millteanach incredible
" Is iontach agus is millteanach an chaoi ar múchadh bladhm an dóchais idir toghadh an chomhrialtais sa tír seo agus an lá atá inniu ann.
Nach bhfuil sin saoifiúil ar fad isn’t it really incredible
" Cad é tá ar siúl ansin?** ANGBh: Nach bhfuil sin saoifiúil ar fad! Chaith mé bliain déag ag obair le cara liom, Patricia Forde, ag cumadh scéalta do Ros na Rún agus is mór an spórt a bhí againn ag an am, ach bhí croí Tricia i gcónaí i scríobh leabhar do pháistí, i nGaeilg agus i mBéarla.
an bhua dochreidte seo this incredible win
" Coinnigh an Cloigeann ======== Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige? “Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
dochreidte i ndáiríre really incredible
" “Tá an t-ádh liom freisin a bheith ag obair le Thomás Ó hÍde i gColáiste Lehman, cuid d'ollscoil CUNY áit ar féidir céim sa nGaeilge a bhaint amach – chuala mé go raibh neart deiseanna teagaisc anseo do mhúinteoirí Gaeilge ach tá sé dochreidte i ndáiríre an méid a bhíonn ar siúl ag pobal na Gaeilge anseo,” arsa Muireann.
comhtharlúint dochreidte an incredible coincidence
" Léigh mé cáinteoir amháin a rinne mórán de rud gur comhtharlúint dochreidte a bhí ann gur tharla seo ar ócáid comórtha 60 bliain ó bhás Turing.
dochreidte incredible
" Gach uair a dtagadh sí abhaile as na Stáit Aontaithe, bhíodh giuirléid cistine (dochreidte!) nua aici dúinn.
dochreidte incredible
" Féachann Breandán Delap ar chuid de na scéalta dochreidte atá nochta go dtí seo ag Binse Fiosraithe Morris i nDún na nGall.
dochreidte incredible
" Féachann Breandán Delap ar chuid de na scéalta dochreidte atá nochta go dtí seo ag Binse Fiosraithe Morris i nDún na nGall.