Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dothuigthe incomprehensible
" Ach is rud dothuigthe é cad chuige a bhfuil drochmheas ag go leor Gearmánach ar a dteanga féin, fíric a chuireann iontas ar eachtrannaigh go minic, Béarlóirí ina measc.
theanga dhothuigthe incomprehensible language
" Lean siad orthu lena gcuid gearán faoi theanga dhothuigthe na mBavárach ceanndána.
dothuigthe incomprehensible
" Mura dtuigeann an chosmhuintir teanga duine sa Dáil nó sa Seanad glacann siad leis gur i nGaeilge atá an duine ag caint, agus mar is dothuigthe a bhíonn an teanga, bhuel dar leo gur fearr an cineál Gaeilge í.
dothuigthe ar fad. totally incomprehensible.
" Nuair a shracaimid ár mbealach trí théacs "an ochtú leasú is fiche ar an mbunreacht 2008", a d’fhoilsigh an Coimisiún Reifrinn, lena thagairtí d’ailt, d’fho-ailt, do mhíreanna, d’fhomhíreanna, d’airteagail agus d’fhomhíreanna airteagail, tá sé éasca a cheapadh go bhfuil na moltaí seo dothuigthe ar fad.
foirgthe le béarlagar dothuigthe riven with incomprehensible jargon
" Nuair a éilíonn an pobal aon mhíniú sásúil ar cheisteanna bunúsacha amhail “Cá bhfuil ár dtriall feasta?”, soláthraíonn saineolaithe an rialtais freagraí atá foirgthe le béarlagar dothuigthe is le leathfhocail leathbhruite d’fhonn an fhírinne shearbh a cheilt .
ag dul ó réiteach ar incomprehensible to
" ‘Bail in’ ina ‘bail out’, tarrtháil nuair nach gá tarrtháil, airgead scoir a thabhairt do dhuine le go dtabharfadh sé ar ais don rialtas é – tá sé go léir ag dul ó réiteach ar Bhalor Béimeannach.