ár n-iníon uchtaithe
our adopted daughter
"Tugann muid '
ár n-iníon uchtaithe' uirthi," a deir Cummiskey, a bhfuil ceathrar clainne agus seisear garpháistí aige, agus a bhfuil cónaí air i New Dorp Beach.
cloigeann d'iníne
your daughter's head
Cuirtear gunna le
cloigeann d'iníne.
Bhí sceamhlach iontach ar an iníon
the daughter was whingeing terribly
Bhí sceamhlach iontach ar an iníon agus má dúirt sí "A mhamaí, cá huair a bheas muid ann?" uair amháin, dúirt sí fiche uair é.
maithiúnas a thabhairt dá hiníon
to forgive her daughter
Ní hamháin go bhfuair a fear céile bás i laethanta deireanacha an Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh maitriarc an teaghlaigh, Rose, sásta riamh
maithiúnas a thabhairt dá hiníon as, mar a chonacthas dise é, a reiligiún a thréigean.
iníon rí Mhanann
daughter of the king of the Isle of Man
Mar ba nós lena gcuid ríthe, phós sé Affreca,
iníon rí Mhanann.
bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha.
she greeted us as someone would greet his daughters.
Bean álainn a bhí inti agus nuair a d’fhilleamar ar an mbialann cúpla lá ina dhiaidh sin
bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha.
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús
the daughter of a couple who first met
Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin,
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú *An Gael* ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.
Ba cheannaire tábhachtach a iníon
his daughter was an important leader
Ba cheannaire tábhachtach a iníon chomh maith.
ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon.
the right to share a mother's love with her daughter
Is é an t-aon cheart atá ag teastáil uaithi ná an
ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon.
as éigniú a iníne.
which the rape of his daughter
**Triail**In Aibreán na bliana 2002, sheas Patrick Naughton sna Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath, agus é cúisithe
as éigniú a iníne.
nuair a cailleadh a iníon
when his daughter died
Bhí air bogadh ó Mhín na Leice, áfach,
nuair a cailleadh a iníon, Eileen, go tragóideach i dtimpiste bhóthair i 1978 toisc go raibh sé céasta ag cuimhní san áit sin.
iníon is óige
youngest daughter
Cá ndeachaigh an t-am? Tá an
iníon is óige le tosú ar bhunscoil.
hiníon léinn
a student
”
Bhí Anne O’Sullivan, an bhean a phósfadh Eoghan, ina
hiníon léinn i Roinn an Cheoil in ollscoil Chorcaí agus ba é Seán Ó Riada an teagascóir a bhí aici.
fonn a hiníne
her daughter's humor
Ach go dtí gur thosaigh sí ag úsáid an My tobii is trína máthair a labhraíodh sí - ceangal diamhaireach eatarthu inar féidir lena máthair smaointe agus
fonn a hiníne a léamh.
iníon
daughter
Íoslach Josef Fritzl
Chuir Fritzl géibheann ar a
iníon féin, Elizabeth, in íoslach rúnda a thóg sé d'aon ghnó ar chúl an tí.
gach mac agus iníon máthar beo
absolutely everyone
Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca
gach mac agus iníon máthar beo.
iníon an ghrósaera
the grocer's daughter
Is beag duine i stair na coimhlinte ó thuaidh a bhfuil a oiread céanna fuatha orthu i measc náisiúnaithe an tuaiscirt ná atá ar “
iníon an ghrósaera”, Margaret Hilda Thatcher.
iníon athar
father's daughter
Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus
iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
Iníon
daughter
Iníon bhean singil is ea an mac léinn Maru, cailín atá díreach chomh imeallaithe leis féin.
gach iníon mháthar
everyone else
Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le
gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
iníon dearthár
niece
Ceithre seachtaine ar fad - cúpla lá i mBaile Átha Cliath, deireadh seachtaine eile ar cuairt chuig
iníon dearthár liom atá ina cónaí taobh amuigh de Ghort Inse Guaire.
iníon
daughter
Jim Swire, a raibh a
iníon i measc na 270 daoine a maraíodh ar 21 Nollaig, 1988, síos ar an gcás i gcoinne al Megrahi mar “a cock and bull story.
iníon
daughter
SMM: An léann tú mórán, irisí, nuachtán nó leabhar? BNC: Tá drochnós agam gan a bheith ag léamh agus feictear dom’
iníon gur rud an dearfach a bheith ag léamh.
a iníon óg déagóra
his young teenage daughter
Tá caidreamh mí-oiriúnach idir an Dochtúir agus
a iníon óg déagóra.
saol a iníne
his daughter's life
“Baineann scéal *River Road* le hathair atá scartha óna bhean le déanaí agus a cheapann go bhfuil
saol a iníne i mbaol.
Iníon
Miss
Iníon Uí Riain Fial Flaithiúil
========
**CB: An gceapais go raibh puinn athraithe anso nuair a thánaís abhaile?**
MDÓS: Ní raibh an oiread san ach bhí rudaí fachta níos fearr.
iníon an aisteora
the actor’s daughter
===========
Sin bun agus barr céad scannán Momoko Ando (28),
iníon an aisteora/léiritheora Eiji Okuda.
hiníon léinn
a student
Is amhlaidh gurbh í an stair a tharraing Anna i dtreo na Gaeilge ar an gcéad dul síos agus í ina
hiníon léinn i gcathair Lublin in oirthear na Polainne.
a iníon óigh
my dear
Nó ’bhfuil seans ann gur chóip é, dáiríre, nó athdhéanamh ar *‘Journey to Italy’* (1954), Roberto Rosselini, le Ingrid Bergman agus George Saunders?
‘Cóip Dheimhnithe’, ‘Copie conforme’, nó ‘Certified Copy’, fiú?
’Sea, a mhac is
a iníon óigh, nach ceannscriostóír ceart é an tAbbas Kiarostami sin!
iníon
daughter
Chomh maith leis an méid sin, labhraíonn Úna Ó Callanáin, gar
iníon le Michael Mallin faoi chuimhní cinn a athar, Séamus Mallin.
iníonacha
daughters
Srí Lancach í Rita a d’fhág beirt
iníonacha óga ina diaidh nuair a tháinig sí go hÉirinn i 2002.
dá hiníon féin
for her own daughter
Shocraigh Domican ar an bhfeidhmchláirín seo a chruthú
dá hiníon féin, Grace, agus sin an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an gcláirín.
bhás a hiníne
her daughter’s death
Is léir ar a tuin chainte ar an nguthán nach gcuireann nuacht
bhás a hiníne isteach ar an seanlady.
Iníon Rí
princess
Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh
==============
Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an
Iníon Rí darb ainm Dahut.
d’fhág a iníon
left his daughter
An scéal faoin bhfear, sé bliana is tríocha d’aois, a chuaigh amach chuig dioscó ag deireadh mhí na Samhna agus a
d’fhág a iníon ina codladh i gcúl an chairr.
iníonacha
daughters
“Níl fhios ag aon duine, cé is moite de mo bheirt
iníonacha a bhfuil cónaí orthu i gcathair Lyon, go bhfuil mé ar an ngannchuid,” a dúirt Alain atá seasca bliain d’aois agus a bhfuil cónaí air gar do Marseille.
iníon tuismitheora
a daughter of a parent
Casadh dom
iníon tuismitheora sa ghaelscoil, cailín atá le tabhairt faoin ardteist agus ar mian léi roinnt dá dream comhaoise a tharraingt chuig lúb comhrá Gaeilge.
iníon
daughter
Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’
iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.
bheirt iníon
two daughters
Agus í ag smaoineamh chun cinn ar an todhchaí, níl rud ar bith níos mó atá de dhíth uirthi ná seal fada a chaitheamh lena fear chéile Brian agus lena
bheirt iníon agus í ag tabhairt aire do na glasraí agus do na cearca.
hiníon deirféar liom
my sister’s daughter
Ná go mbeadh sé agus a bhean chéile ag labhairt le
hiníon deirféar liom, sé bliana d’aois, a bhfuil cónaí uirthi ansin, agus a rá léi gur ainm álainn í “Caoimhe” (agus an ceart aige — is mise a mhol an t-ainm dá máthair).
turas na hiníne
the daughter’s trip
Trasghearrtar go paiteanta
turas na hiníne le haistear fuilteach na máthar roimpi.
iníon
daughter
Amharcaim air nuair a thagann
iníon bheag scoláire eile isteach san oifig agus sinne inár suí ann, an dóigh a gcromann sé roimpi, an dóigh a labhraíonn sé léi agus é ag déanamh dearmaid ar gach duine agus gach rud eile sa domhan.
iníon
daughter
Agus ní hiad
iníon Bono, Eve Hewson, ná Kerry Condon, Tiobradach mná, an t-aon bheirt Éireannach ar fhoireann Sorrentino.
gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha
everyone without exception
Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann
gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
marbh-bhreith a hiníne
her daughter’s stillbirth
Díríonn a leabhar ar Donna Bradley, bean de bhunadh chathair Dhoire atá ar turas féinléirstine i ndiaidh
marbh-bhreith a hiníne.
coinníodh baill coirp a n-iníne
body parts of their daughter were kept
Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur
coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon
who’s children and offspring are a credit to her
Bean
atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon, isteach sa cheathrú ghlúin.
bás a hiníne
her daughter’s death
Chiarraí i ndiaidh
bás a hiníne, Mary, dhá bhliain déag d’aois.
n-iníon nuabheirthe
new born daughter
Cuireadh tús leis an sága i mí Lúnasa, 1980, nuair a chuaigh Michael agus Lindy Chamberlain lena mbeirt mhac agus lena
n-iníon nuabheirthe, Azaria, ar saoire go lár na hAstráile.
a hiníon ag caoineadh
her daughter crying
Chuala Lindy
a hiníon ag caoineadh sa phuball oíche amháin agus nuair a bhí sí ag teannadh leis an bpuball chonaic sí diongó ag rith amach as an láithreán agus an ghineog ina dhraid aige.
thógáil a hiníne
rearing her daughter
Ba bhean righin í Lindy a bhí in ann smacht a choimeád ar a mothúcháin nuair a labhair sí le hiriseoirí faoi
thógáil a hiníne.
as dúnmharú a hiníne
with murdering her daughter
Reáchtáladh an dara hionchoisne cróinéara bliain ní ba dhéanaí agus moladh ann go gcúiseofaí Lindy
as dúnmharú a hiníne agus Michael as a bheith ina cúlpháirtí tar éis an ghnímh.
iníon an tigh ag suirí le ball
the daughter was going out with a member
Tá teoiric eile ann go mbíodh
iníon an tigh ag suirí le ball den RIC, rud nach raibh inghlactha ag an am.
gach mac agus iníon athar agus máthar
absolutely every living soul
Sprioc an Dá Dheich
=========
An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh
gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu!
D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
hiníon comharsan
the neighbour’s daughter
Tugann an *‘Guy’* (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le
hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.
iníon leis pósta le
his daughter is married to
Tá cara liom as Béal Feirste ina chónaí in LA agus
iníon leis pósta le duine as cúlra Meicsiceach – ní raibh sé ina chónaí riamh i Meicsiceo ach tá sé bródúil as cultúr agus as teanga Mheicsiceo agus chuaigh sé sin i gcion orm.
d'Ána, m'iníon óg
for my young daughter
D'aistríos an t-eolas go Gaeilge
d'Ána, m'iníon óg.
ar a hiníon féin
her own daughter
“Bhí Alison ag iarraidh taighde a dhéanamh ar a muintir, gaol darbh ainm Letitia ar baisteadh a haintín aistí, agus Alison féin, bhaist sí Annie Letitia
ar a hiníon féin.
a beirt iníonacha
her two daughters
An fhad is a bhí cruinniú mór an G8 ar siúl i gContae Fhear Manach, áit a raibh Príomh-Aire na Breataine ag fearadh céad mílte fáilte go hÉirinn roimh cheannairí an domhain agus roimh Thaoiseach na hÉireann féin, bhí Michelle Obama agus
a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath.
d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne
your daughter who died
An Chiotrainn
======
Abair liom mar gheall ar Dherval,
d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne?
Bhí Derval saghas cosúil liomsa i slí mar ba mhaith léi an stíl agus ba mhaith léi a bheith ag dathadóireacht chomh maith.
a n-iníon
their daughter
“Dúirt go leor daoine liom ó shin nach raibh siad in ann breathnú ar an mhír sin mar gur chuir sé i gcuimhne dóibh an t-am sin nuair a d'fhág siad slán ag a mac nó ag
a n-iníon”Ach ag an am chéanna, ní dhearna an clár ‘luaithreach iomlán Aingil’ de, nó the full Angela's Ashes mar a thugaim air, gan ann ach olagón agus ochón ó.
m’iníon féin
my own daughter
Ní bheidh mé sásta riamh mar athair cead a thabhairt do
m’iníon féin páirt a ghlacadh sa chineál comórtas áilleachta seo’ a deir sé.
A iníon bhán
dear daughter
An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin?
> ‘
A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín
go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian
is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn
i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
rugadh an ceathrú iníon
the fourth daughter was born
**
DÓC: Fáilte romhat!
Ón uair a deineadh an t-agallamh seo
rugadh an ceathrú iníon do Dhara is dá bhean chéile, Jean.
iníonacha
daughters
Cén Fáth an Leithcheal?
==========
Nílim cinnte faoi cén míniú atá ar an scéal seo ach sílim go mb’fhéidir nach bhfuil a lán fear, agus go leor ban chomh maith, ar a suaimhneas leis an smaoineamh go mbeadh mná, is é sin
iníonacha, deirfiúracha, mná céile is eile ag imirt spórt a bhfuil teagmháil fhisiceach ag baint leo agus méid áirithe contúirte chomh maith.
garmhac linbh i mbaclainn na hiníne
a grandson in the arms of his daughter
Agus nuair a chuireann tú
garmhac linbh i mbaclainn na hiníne, ‘*Solomon Northup Grantham*’, ar sise, an leaidín á chur in aithne dó, sin ‘cead’ á thabhairt ag Mc Queen dúinn éirí maothshúileach nó scaoileadh leis an deoirín beag.
ní thig lena hiníon codladh
her daughter can’t sleep
I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an *Union Jack* a bhaint anuas cionn is go ndéanann sé trup sa ghaoth istoíche agus
ní thig lena hiníon codladh mar gheall air.
mbagáiste a iníne
his daughter’s bag
Nuair a bhásaigh athair Corby, Michael, sa bhliain 2008 foilsíodh scéalta go leor faoina bhaint le cúrsaí drugaí agus maíodh go raibh seisean freagrach as an chnáib a chur i
mbagáiste a iníne.
tháinig scéal ón iníon
news came from his daughter
Is gearr gur
tháinig scéal ón iníon.
m’iníon
my daughter
Ní raibh ach dáreag ann nuair a thosaigh
m’iníon Isla ansin i 2002 .
ar a hiníon tráth
on her daughter once
Chreid cara amháin liom gurb é éad a col ceathar a chur an tinneas obann a tháinig
ar a hiníon tráth.
iníon óg
a young daughter
Tá
iníon óg aige agus is é an plean is mó atá aige leis an chnap airgid atá buaite ná a dóthain airgid a sholáthar di ionas go mbeidh deis níos fearr aici dul chun cinn sa tsaol ná mar a bhí aige féin.
thug sé grá d'iníon maoir
he fell in love with a bailiff’s daughter
An Tomás céanna, bhí sé ina bhráthair Agaistíneach nuair a
thug sé grá d'iníon maoir i Maigh Eo.
do gach mac is iníon máthar
to all
Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint
do gach mac is iníon máthar?
Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid *Facebook, Microsoft, Google* agus *Twitter*.
iníon óg s’aici féin
her own young daughter
Tá Hazel agus Alice,
iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo.
d’iníon
your daughter
Bhí do dheirfiúr, Mairéad nach maireann, iontach gníomhach i nGluaiseacht na Poblachta agus tá
d’iníon den ainm céanna, Mairéad, sáite in obair na polaitíochta anseo i nGaillimh.