Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fheabhsú improving
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
feabhsú improving
" Cé go bhfuil na grafaicí tar éis feabhsú ón staid ag a raibh siad tamall de bhlianta ó shin, níl siad réadúil fós.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
ag bisiú leis improving all the time
" Tharla timpiste don chréatúr, ach beidh áthas oraibh a chloisteáil go bhfuil sé ag bisiú leis san ospidéal.
ag feabhsú improving
" Tá Corcaigh ag feabhsú, níl aon easpa féinmhuiníne orthu, agus tá Setanta leo, ach tá DJ le pléascadh fós.
ag bisiú improving
" "Tá an lá ag bisiú" arsa Dónall.
ag dul i bhfeabhas improving
" Cuirtear soláthar maith ábhair léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge in aghaidh na bliana, agus tá caighdeán na leabhar mar tháirgí ag dul i bhfeabhas i gcónaí.
ag feabhsú de réir a chéile gradually improving
" Tá rudaí ag feabhsú de réir a chéile ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá sé seo ag tarlú go han-mhall ar fad.
ag feabhsú improving
" Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi.
ag feabhsú improving
" Go mbeadh caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.
maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre as regards improving safety of the roads
" Chuir tuarascáil de chuid an Aontais Eorpaigh a eisíodh níos luaithe i mbliana in iúl go bhfuil Poblacht na hÉireann ar cheann de na tíortha is measa san Aontas maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre – níl ach an Liotuáin and an Laitvia níos measa ná muid.
bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú teaching was improving
" Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin.
ag dul i bhfeabhas improving
" Agus ní foláir do thionscal na heitlíochta a bheith ag dul i bhfeabhas go síoraí ó thaobh na sábháilteachta de.
á mhaisiú improving it
" Bheir sé mórtas dúinn a ndéanfaimid agus is mór againn lorg ár láimhe ar ghné éigin sa timpeall, á mhaisiú is á mhóradh.
ag cur maise ar improving
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
feabhsú improving
" Chaill mé sa chomórtas an bhliain roimhe sin, ach bhí mé ag feabhsú an t-am go léir.
ag feabhsú improving
" Tá an scéal ag feabhsú sa nGalltacht, cinnte, ach is lochán tanaí é.
saol ag feabhsú life is improving
" An Ceardchumannachas ============ **SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?** SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre.
ag cur feabhais ar improving
" Ní dhéanfadh sé dochar ar bith do lucht na nGaelcholáistí dá mbeidís ag cur feabhais ar a gcuid foghraíochta, a bhíonns go hainnis ag cuid mhaith acu.
bhfuil feabhas ag teacht improving
" Léaró Dóchais? ====== Tá seans go bhfuil feabhas ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar an scéal.
Tá leas ag teacht air gan amhras it’s improving certainly
" An bhfuil leigheas de chineál éicint ag teacht ar an mbaile seo meas tú?** PÓMurchú: Tá leas ag teacht air gan amhras.
fheabhsú an gheilleagair improving the economy
" Beidh orainn obair go dian ar fheabhsú an gheilleagair, ach sílim go bhfuil an deis ag sleamhnú uainn na ceisteanna eile a chur.
ag feabhsú cinnte definitely improving
" “Tá rudaí ag feabhsú cinnte, níor mhaith liom a bheith diúltach, ach sílim go bhfuil áit ansin do bhailte Gaeltachta chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona dúchais – ar nós agallamh beirte nó lúibíní a chur ar siúl nó ceolchoirmeacha den chéad scoth ar an sean-nós.
an taithí a fheabhsú oiread na fríde eile improving the experience ever so much more
" Tá níos mó agus níos mó áiseanna dírithe ar cheisteanna taithí an úsáideora, conas gur féidir an taithí a fheabhsú oiread na fríde eile go dtí go mbíonn an taithí sin go furasta agus gan stró.
ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge improving and polishing up their Irish
" Féadfaidh an obair a bheith saghas uaigneach fosta ach dar léi, is gairm í ar cheart do dhaoine óga pointeáilte atá in ann obair as a stuaim féin, agus atá ag iarraidh a bheith ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge an t-am uilig a bheith ag smaoineamh uirthi - go háirithe má tá fonn taistil orthu.