"Ach an áit ina raibh cimí daortha, bhíothar ag eagrú Gaeltachtaí, ag léamh leabhar fá stair na hÉireann, leabhair an Phiarsaigh, Mháirtin Uí Chadhain, bhí siad ag léamh Franz Fanon agus ag foghlaim faoin streachailt san Ailgéir, fá Vítneam agus mar thoradh air seo, thuig siad go raibh siad mar chuid den aisfhreagra ar an domhandú agus den troid a bhí ag dul ar aghaidh
in éadan an chos ar bolg.