Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saothar idir lámha work in progress
" Is ‘saothar idir lámha’ é TG4.
a bhí idir lámha agam. that I was working on.
" Ghlac mé leis i gcónaí, fiú agus mé san aonad dianchúraim, go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, leis na rudaí ar fad a bhí idir lámha agam.
idir lámha againn, that we have in progress
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
go raibh go leor idir lámha aige. he had alot going on
" Ba léir go raibh go leor idir lámha aige.
idir lámha in progress
" Is faoi ghnó úr eile atá idir lámha aige – Muzu.
idir lámha in hand
" Ní raibh ach 48 fágtha! Tugadh an míniú seo a leanas dom: “Faoi mar a cuireadh in iúl duit cheana féin, baineann formhór mór na dtaifead sa chás le caidreamh Thuaidh-Theas i gcomhthéacs na socruithe a bhí idir lámha maidir le haistriú feidhmeanna agus foireann Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge agus Colmcille a chur faoi choimirce Fhoras na Gaeilge agus Bórd na Gàidhlig in Albain.
idir lámha in hand
" Bhí córas idir lámha aige ach gur chuala an fear bainc, JP Morgan, a raibh ar bun aige agus chuir sé stop lena mhaoiniú.
idir lámha ag engaged in, up to
" Meastar go forleathan, ámh, gur thug siad le fios go raibh siad báúil lena raibh idir lámha ag an Indinéis.
idir lámha in hand
" Togra spéisiúil is misniúil atá idir lámha ag an fhear ghnó, Pádraig Ó Céidigh le hathsheoladh Foinse, sa mhéid is gur fiontar neamhspleách é nach bhfuil ag brath ar thacaíocht ón stát.
idir lámha in progress
" Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann! Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: "Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé.
gceacht a bhí idir lámha againn the lesson we were engaged with
" Ach níos mó ná sin, tharraing an focal a leithéid de fhíseanna im’ intinn is beag nach bhfuair mise íde bhéil freisin leis an neamhaird a bhí á déanamh agam ar an gceacht a bhí idir lámha againn.
togra beag eile idir lámha another small program in hand
"togra beag eile idir lámha ag Ó Cuinneagáin don bhliain seo chugainn.
fós idir lámha still being worked on
" Tá an ghluaiseacht ag forbairt de réir a chéile agus tá curaclam agus bonneagar fós idir lámha ag na teagascóirí.
a bhí idir lámha aige he was engaged in
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
nach bhfuil idir lámha has only got going for it
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
dochtúireachta a bhí idir lámha agam a doctorate I was doing
" "Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d'inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.
idir lámha handling
" Stíl stiúrthóra Haneke, tá sé le sonrú ar scannánóirí móra Eorpacha eile ár linne lena n-áirítear deartháireacha Dardenne na Beilge a bhfuil ceisteanna meitifisiciúla idir lámha acu freisin.
bhí idir lámha had in hand
" Is Fiú an tAthrú is Lú ========= Chuala mé saineolaí taithí úsáideora ó chomhlacht ollmhór pinsin agus árachas saoil ag caint faoin obair a bhí idir lámha ag a bhfoireann taithí úsáideora.
atá idir lámha againn are we handling here
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
idir lámha in hand, in progress
" Ta tionscadal an-deas idir lámha agam le Seamie O Dowd, Pauline Scanlon agus Damien O Kane: Homeward Bound, amhráin a dhéanann ár bhfód dúchais a cheiliúradh.
Agus an t-alt seo idir lámha agam as I write this
" Agus an t-alt seo idir lámha agam tá an mac rí óg agus a thuismitheoirí, an Diúc agus an Bandiúc Cambridge, nó Will agus Kate mar a thugann na meáin lúitéiseacha orthu, ag déanamh camchuairte ar na Fritíortha.
bhí idir lámha aige he was doing
" Cúrsa Seapáinise a bhí idir lámha aige an tséimhse seo.