Inneall gan truailliú nach gcuireann leis an téamh domhanda – slí chun neamhspleáchas ón ola a bhaint amach? Nach iontach an rud é? Is cinnte gurb ea, ach is gá an cheist a chur: cad as a dtagann an hidrigin seo?
Bhuel, más
réiteach idéalach atá muid a lorg, is as “fuinneamh malartach” (fuinneamh “glan” as an ghaoth nó as hidrileictreachas) a dhéanfar an hidrigin (scoiltear uisce (H2O) go leictreach chun hidrigin agus ocsaigin a tháirgeadh).