Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in
iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre!
D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.