Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
umhal humble
" De réir na dtuairisicí ar fad atá cloiste nó léite agam faoi Willie Clancy ba dhuine cúthail, séimh, umhal é.
éadan simplí siopa humble shop front
" Ní shílfeá go bhféadfadh éadan simplí siopa ag coirnéal Shráid Lafayette agus Shráid White i Manhattan léargas chomh grinn a thabhairt dúinn ar scéal meallacach, tragóideach na nÉireannach a tháinig go Nua-Eabhrac.
umhal humble
" B'fhéidir gur dhuine ciúin, umhal é nár thaitin poiblíocht leis.
umhal humble
" Agus in ainneoin an leasainm sin a chuirfeadh náire ar chuid againn agus a d’éireodh sa chloigeann ag an chuid eile againn, ba í an íomhá phoiblí a bhí ag Gretzky gurbh fhear umhal stuama é.
uiríseal humble
" ” Ach admhaíonn Ó Coileáin gur nós leis an Ríordánach bheith ag caitheamh anuas air féin ar gach aon saghas slí agus go raibh sé uiríseal os comhair daoine.
umhal humble
" Ba dhuine umhal suaimhneach é chomh maith – tréith a bhí inmholta i saol méaldrámata na meán cumarsáide.
Balor na hUmhlaíochta Uirísle. Balor of the Humble Humility.
" Dúirt na dochtúirí liom go raibh gach uile rud eile crochta i gceart,” a mhaíonn Balor na hUmhlaíochta Uirísle.
cúthaileach agus umhal shy and humble
" Fear an-speisialta is ea é, ach tá sé cúthaileach agus umhal mar dhuine.
huiríseal umhal ignoble, humble
" Ní fhacthas riamh cuma chomh huiríseal umhal ar Bhalor na Súile Nimhe.
níos umhaile more humble
" Dar le Carr, ar nós rí ar bith, ba chóir do Chad is do Steve a bheith níos umhaile os rud é gurbh iad a “ndaorchlann” a chur na corónacha ar a gcloigne beannaithe.
umhlaithe humbled
" Ba cheart don Lucht Oibre a admháil nach mar a chéile FF caithréimneach le 75 Teachta Dála tar éis toghcháin agus Fianna Fáil umhlaithe le 35 suíochán sa Dáil.
ghiolla umhal uiríseal humble ignoble servant
" In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air.
umhal humble
" Nuair a bhí orm suí isteach i rang chun an teanga seo a fhoghlaim, go tobann, bhí ionbhá agam do mo dhaltaí féin! Dá mbeadh seans agam trí mhí a chaitheamh i nGaoth Dobhair - mar nuair a chaith muid roinnt seachtainí ann, thug muid an difríocht faoi deara - tá a fhios agam go dtiocfadh feabhas mór ar ár gcuid Gaeilge! Umhlaíocht is Gá don Oide ============== **MDH: An bhfuil tú níos fearr mar mhúinteoir de thairbhe do thaithí as bheith ag foghlaim na Gaeilge? An bhfuil tú umhal dá bharr?** CL: Go díreach.
umhal, béasach humble good mannered
" Bhí fear umhal, béasach romham sa doras.
aithrí umhal a humble repentance
" Agus ní ghlacfaidh Forster le haon gotha níos lú ná aithrí umhal, dáiríre na beirte tuistí agus leithscéal fial an chiontóra tugtha don íobartach mac (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir freisin).
ar crith agus go humhal cringing and humble
" Ar Maos in Umhlaíocht ========== Mhínigh sé an fhadhb seo do dhochtúir Breatnach amháin agus dúirt go gceapann Éireannaigh a théann fé bhráid na ndochtúirí gurb ionann an triail sin is a “mar a ghabhfá isteach ós comhair maithe móire nó tiarna talún fadó, ar crith agus go humhal.
a deir lucht na humhlaíochta d’aon ghuth amháin say the humble folk unanimously
" “Cá mbeimis gan iad?” a deir lucht na humhlaíochta d’aon ghuth amháin.
recte Umhal correction, humble
" Siar go hUmhaill, recte Umhal Uí Mháille ============= As go brách le Balor, mar sin, siar an bóthar go Contae Mhaigh Eo, áit a raibh an Taoiseach ag caitheamh roinnt ama sa bhaile, chun cuairt a thabhairt ar a sheanchara agus chun uchtach agus misneach a thabhairt dó.
Fear umhal a humble man
" Fear umhal, snoíodóir spórt-aislingí na muintire.
ró-umhal is róbhéasach too humble or too mannerly
" Ní thabharfar faoi deara an duine atá ró-umhal is róbhéasach, is dócha.
a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal his working life in a small humble studio
" Loime an tSaoil agus Searc don tSaothar ================ Chaith Giacometti a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal i bPáras, nach raibh ann ach 'poll' mar a dúirt sé féin, ach ar bhealach éigin, réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin.