Bealach iontach chun é sin a dhéanamh is ea a bheith ábalta a rá go bhfuil Gaeilge ag a bpáistí, rud nach bhfuil ag go leor de na hÉireannaigh bhreátha a bhíonn naimhdeach leo.
Bheinn sásta dá dtarlódh sé nach raibh daoine, thuaidh agus theas, in amhras faoi nó naimhdeach don Ghaeilge agus ansin go mbeadh go leor de thacaíocht oifigiúil don Ghaeilge go dtiocfadh linn seirbhís iomlán raidió, teilifíse agus idirlín a chur ar fáil.
Ní hé go bhfuil siad naimhdeach don iomáint (go minic a mhalairt atá fíor) ach tá a bpríomhshuim sa pheil agus dá bhrí sin is beag a n-aird ar iomáint ó sheachtain go seachtain.
Ní raibh mé ag súil le “céad míle fáilte isteach” a fháil uaidh ach ní raibh mé ag súil leis an fhreagra borb, naimhdeach, eascairdiúil a fuair mé nuair a labhair mé le hoifigeach éigin sa phríosún ar an ghuthán.
Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.