Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éadóchas hopelessness
" Bíonn margaí airgeadais idirnáisiúnta an domhain ag brath go mór ar dhóchas, ar éadóchas, ar phearsantachtaí, ar dhearcadh idirnáisiúnta daoine, seachas ar anailís staitisticiúil amháin.
tallann anó agus éadóchais a bout of misery and hopelessness
" Bhuail tallann anó agus éadóchais Tomás agus é ina shuí ag barr an staighre ag éisteacht leis an racán a bhí thíos.
laincisí bhlianta an éadóchais the fetters of the years of hopelessness
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
drochmhisneach hopelessness
" Cuid den ghalar san, cuid den drochmhisneach san, cuireann sé sin isteach ar dhuine.
bhruachbhailte sceite an éadóchais suburbs which spawn hopelessness
" Go deimhin, is i Ríocht ceart na nAinmhithe atáimid, agus sí Janine ‘Smurf’ Cody an leon baineann is cumhachtaí agus is contúirtí díobh uile ar sirtheoireacht sa domhan thíos – an domhan as riocht fá bhun bhruachbhailte sceite an éadóchais.
le teann éadóchais through sheer hopelessness
" Agus fiú más intuigthe féin an foréigean scaití le teann éadóchais agus frustrachais, ní cur chuige feidhmiúil é, dar leis an údar.
airítear éadóchas éigin some hopelessness is tangible
" Lastiar den rómánsúlachas seo áfach, airítear éadóchas éigin.
braithim éadóchas go forleathan I detect a widespread hopelessness
" Tús na bliana agus braithim éadóchas go forleathan san aer, ní hamháin faoi chúrsaí geilleagair agus sóisialta ach faoi ghnóthaí cultúir agus Gaeilge chomh maith.
lán d’imní agus d’éadóchas full of worry and hopelessness
" Is pictiúr é atá lán d’imní agus d’éadóchas agus a thaispéanann an duine lárnach trína chéile agus é ag dul as a mheabhair.
héadóchas hopelessness
" Iarracht phianmhar luachmhar ab ea é seo a bhí an chosúil leis an ndráma Beckett a rinneadh i gclár teilifíse Treme ar HBO an bhliain seo a d’imigh tharainn, clár a bhain le héadóchas New Orleans tar éis Katrina.
le héadóchais hopelessness
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
cuma an éadóchais the appearance of hopelessness
" In ionad fanaiceacht agus maorlathais an ama atá thart, an fhadhb is mó atá ag an tsochaí iarchumannach seo ná go bhfuil cuma an éadóchais agus easpa treorach le sonrú uirthi.